Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun Lá Bealtaine a cheiliúradh le go leor gníomhaíochtaí spraíúla

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag ullmhú chun deireadh seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine a cheiliúradh le sceideal iomlán gníomhaíochtaí ar líne don teaghlach ar fad.

Mar gheall ar an bhfreagairt iontach ar sheó mór na Cásca, tá pleananna maidir le sceideal spleodrach lán de ghníomhaíochtaí á dtabhairt chun críche faoi láthair.

Tá an Rannóg Imeachtaí ag comhoibriú le Leabharlanna agus le rannóga Oidhreachta chun imeachtaí a eagrú lena chinntiú go mbeidh neart spraoi ann do dhaoine óga ar fud an chontae. 

Beidh na gníomhaíochtaí ar siúl ón gCéadaoin, an 29 Aibreán go dtí Domhnach na Saoire Bainc, an 3 Bealtaine agus áireofar iontu ealaíona agus ceardaíocht, am scéalaíochta, conair oidhreachta fhíorúla, seisiún ióga do leanaí (is féidir le daoine fásta páirt a ghlacadh freisin!), tráth na gceist eolais ghinearálta agus comórtas grianghrafadóireachta.

Beidh leideanna maidir le haiste bia agus oidis ón iar-lúthchleasaí David Gillick sa sceideal freisin. Tacaíonn sé leis an tionscnamh Marathon Kids, a mhúineann do leanaí faoi na buntáistí agus an tábhacht a bhaineann le bia sláintiúil agus gníomhaíocht choirp.

Beidh na gníomhaíochtaí á leathadh amach ar chainéal Facebook Chomhairle Contae Fhine Gall gach lá, agus tabharfar spreagadh do na leanaí a n-iontrálacha a phostáil le go mbeidh seans acu ceann de na málaí féiríní atá againn a bhuachan.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: “Is tionscnamh iontach eile é seo ó Chomhairle Contae Fhine Gall atá ag oiriúnú bealaí nua cruthaitheacha chun idirghníomhú lena saoránaigh, idir óg agus aosta, le linn na n-amanna gan fasach seo. Cinnteoidh na gníomhaíochtaí seo ar líne go mbeidh neart le déanamh ag na leanaí anois agus a ngnáthchaithimh aimsire ar ceal, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh iontu. "