Tearmann a Chruthú don Fhiadhúlra - treoir nua Oifigigh Oidhreachta

Taispeántar i dtreoir nua conas aire a thabhairt don fhiadhúlra i do ghairdín

Gardening for Biodiversity

Taispeántar i dtreoir nua conas aire a thabhairt don fhiadhúlra i do ghairdín.

Leabhrán nua saor in aisce é Garraíodóireacht don Bhithéagsúlacht atá ar fáil ón Líonra Oifigigh Oidhreachta Údaráis Áitiúil a chabhraíonn le gach duine chun cabhrú leis an bhfiadhúlra ina ngairdíní. Ba í Juanita Browne a smaoinigh ar an leabhrán agus chuir Oifigigh Oidhreachta Údaráis Áitiúil ar fud na hÉireann le chéile é, le lámh chúnta ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Chomhairle Oidhreachta.

Cuireann an tÚdar Juanita Browne roinnt comhairle an-phraiticiúil maidir le tearmann a dhéanamh de do ghairdín don fhiadhúlra. Tugtar liosta sa treoir de na gníomhartha is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar ghairdíní d’éin, beacha, féileacáin, ialtóga agus ainmnithe eile agus tá gach saghas tionscadal a luaitear ann oiriúnach do gach duine. Idir gan garraíodóireacht a dhéanamh ar chúinne de do ghairdín agus folcadán éan a thógáil, cuireann an maisitheoir Barry Reynolds treoracha soiléire agus líníochtaí céim ar chéim ar fáil.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:  “Tionscnamh iontach í Garraíodóireacht don Bhithéagsúlacht a chuireann Oifigigh Oidhreachta Údaráis Áitiúil ar fáil.  Cuirtear treoracha ar fáil ann do thionscadal spraíúil ar féidir leis an teaghlach go léir páirt a ghlacadh ann agus am á chaitheamh acu sa bhaile agus taispeánann sé freisin conas is féidir le gach duine cur go mór leis an mbithéagsúlacht inár ngairdíní féin.”

Dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Fhine Gall; ‘De réir mar a chaitheann níos mó daoine dínn roinnt ama níos giorra don bhaile, tá teagmháil rialta a dhéanamh leis an domhan nádúrtha éirithe níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Táimid go léir ag éirí i bhfad níos eolaí ar na rudaí atá mórthimpeall orainn. Is féidir lenár ngairdíní a bheith mar thearmann don fhiadhúlra, agus trí athruithe beaga a dhéanamh, cosúil leis na hathruithe a mholtar sa leabhar seo, is féidir linn áiteanna níos fearr fiú a dhéanamh dár ngairdíní.’  

 

Íoslódáil an cháipéis PDF nó seol ríomhphost chuig [email protected] chun cóip sa phost a iarraidh ó Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall.  https://www.fingal.ie/gardening-biodiversity-create-haven-wildlife

Cistíonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Garraíodóireacht don Bhithéagsúlacht mar chuid de thionscnamh chun tionscadail a spreagadh faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht