'Fanaimis Le Chéile': Tá nasc á dhéanamh ag Oifig Ealaíon Fhine Gall idir daoine agus smaointe le linn Covid-19

Sna seachtainí atá romhainn, cuirfidh Oifig Ealaíon Fhine Gall roinnt tionscadal ar fáil ar líne ar a ardáin meán digiteach mar chuid dá feachtas "Fanaimis Le Chéile". Áireofar leis sin clinicí leanúnacha le hEalaíontóirí agus Pobail, chomh maith le sceideal gnéithe beo agus taifeadta a fhógraítear gach seachtain.

Sna seachtainí atá romhainn, cuirfidh Oifig Ealaíon Fhine Gall roinnt tionscadal ar fáil ar líne ar a ardáin meán digiteach mar chuid dá feachtas "Fanaimis Le Chéile". Áireofar leis sin clinicí leanúnacha le hEalaíontóirí agus Pobail, chomh maith le sceideal gnéithe beo agus taifeadta a fhógraítear gach seachtain.

 

Beidh Seoladh an Chláir ar siúl Déardaoin 23 Aibreán ó 11 a.m. go dtí 12 p.m. agus beidh sé á shruthú ar ár n-ardáin meán sóisialta.

 

Beidh Ealaíona Fhine Gall ag glacadh páirt sa Líne Chabhrach Thacaíochta Pobail Covid-19 7 lá sa tseachtain, fad a leanfar ar aghaidh de bheith ag obair ar ár gcuspóirí mar a leagtar amach inár straitéis a foilsíodh le déanaí, Straitéis Ealaíon 2019 - 2025: Nasc a Dhéanamh idir Daoine agus Smaointe agus Beocht a Chur i bhFine Gall trí mheán na nEalaíon.

 

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall tiomanta dár gclár oibre a sholáthar agus beidh ár bpáirtithe leasmhara agus pobail in ann dul i dteagmháil linn. Táimid ag tnúth le bheith ar ais go hiomlán chomh luath agus is féidir go sábháilte, mar tuigimid gur cuid ríthábhachtach de shaol na ndaoine iad na healaíona.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is tionscnamh nuálach de chuid Oifig Ealaíon Fhine Gall é seo chun daoine a thabhairt le chéile trí mheán na n-ealaíon.

 

"Cuireann an Oifig Ealaíon le folláine teaghlach, daoine agus pobal ach aird a tharraingt ar an mbealach a neartaíonn cruthaitheacht an pobal i bhFine Gall."

 

Chuir Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Margaret Geraghty, fáilte roimh an tionscnamh agus dúirt sí: "Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go dtacaítear lenár n-ealaíontóirí, agus dá réir sin is féidir lenár n-ealaíontóirí leanúint de mhisneach agus dóchas a thabhairt dár bpobail."

 

Tá súil againn go nglacfaidh tú páirt chun go bhfanaimis le chéile le linn Covid-19.

 

Fanaimis Le Chéile fad atáimid scartha óna chéile.

 

Eolas faoin gClár:

 

Beidh clinicí d'ealaíontóirí agus pobail ar siúl gach Céadaoin ó 11 a.m. go dtí 12 meán lae, ón 22 Aibreán ar aghaidh. 

Ní mór áit a chur in áirithe do na cruinnithe seo roimh ré leis na réimsí áirithe:

 

Ealaíontóirí Proifisiúnta:       Sarah O’Neill –           [email protected] / 018906237

Óige agus Oideachas:           Julie Clarke –               [email protected] / 01 890 5960

Ealaín Phoiblí:            Caroline Cowley –      [email protected] / 01 870 8449

Earnáil Phobail:         Rory O’Byrne –           %72or%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] / 01 890 5099

 

Fógrófar an clár léirithe, cainteanna, tionscadal agus ranganna teagaisc beo / taifeadta gach Luan agus craolfar iad gach Déardaoin ar 11 a.m. go dtí 12 p.m., ón tseachtain dar tús an 20 Aibreán ar aghaidh.

 

Sa chéad imeacht inár sraith imeachtaí sruthaithe, cuirfimid i láthair saothair an scríbhneora Fhine Gall a bhfuil dea-cháil uirthi, Lauren Foley. Is scríbhneoir í Lauren a bhfuil duaiseanna buaite aici agus a bhfuil a saothair foilsithe thar lear. I measc na gcreidiúintí atá aici tá: Overland, The Irish Times, Lighthouse, Gorse agus No Alibis. In 2018, bhronn Comhairle Ealaíon na hÉireann an duais mór le rá 'Sparánacht An Chéad Ghlúin Eile d’Ealaíontóirí 2018-19', ar fiú €20,000 í, uirthi.

 

Oifig Ealaíon Fhine Gall