Tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le comhairliúchán poiblí maidir le scéimeanna moillithe tráchta beartaithe

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le scéimeanna moillithe tráchta atá beartaithe a rolladh amach ar fud Fhine Gall.

Traffic Calming

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le scéimeanna moillithe tráchta atá beartaithe a rolladh amach ar fud Fhine Gall.

 

Tá bearta á moladh do 12 bóthar san iomlán i nDomhnach Bat, Sord, An Ros, Caisleán Cnucha, Baile Bhlainséir, Ongar, Mullach Íde, Cill Fhionntain agus Port Mearnóg.

 

Cuimsíonn an obair rampaí moillithe tráchta, comharthaíocht bhóthair iomchuí agus marcanna bóthair nuair is gá.

 

Tá tús curtha leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí anois agus is féidir na pleananna, nach mbeidh ar fáil ach amháin ar líne mar gheall ar shrianta Covid-19, a fheiceáil ag https://consult.fingal.ie/en/browse.

 

I limistéar Bhaile Átha Cliath 15, moltar na hoibreacha seo a leanas:

Céide Chaisleán Cnucha - 2 Rampa Moillithe Tráchta

Bóthar Bhaile an Ghleanna, Baile Bhlainséir - 3 Rampa Moillithe Tráchta

Bóthar Manorsfield, Ongar - 4 Sraith Tulóga Moillithe Tráchta

Bóthar an Bhearnbhálaigh, Ongar - 1 Rampa Maoillithe Tráchta

Bóthar Bhaile an Diosualaigh, Caisleán Cnucha -1 Rampa Moillithe Tráchta

 

Féadfar uiríll i dtaobh na scéimeanna a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Oifigeach Riaracháin, Limistéar Chaisleán Cnucha-Mhullach Eadrad, An Roinn Oibríochtaí, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 tráth nach déanaí ná 4.30p.m. Dé Máirt. An 26 Bealtaine.

 

I limistéar Oibriúcháin Shoird-Bhaile Brigín, moltar na hoibreacha seo a leanas:

Domhnach Bat - Carrs Mill / Ráth Chuilinn - 3 Rampa Moillithe Tráchta

Sord - Bóthar Bhaile Breacáin - 2 Rampa Moillithe Tráchta

Domhnach Bat-Acomhal Bhóthar Phort Reachrann/Bhóthar an Bhéibhearaigh/Lána Bhaile Uisce -1 Rampa Acomhail Tábla Ardaithe do Mhoilliú Tráchta

An Ros - An Ascaill ag Scoil Náisiúnta Naomh Caitríona - 2 Rampa Moillithe Tráchta

 

Féadfar uiríll i dtaobh na Scéimeanna a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Ceantar Shoird Bhaile Brigín, An Roinn Oibríochtaí, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 tráth nach déanaí ná 4.30pm Dé hAoine, an 22 Bealtaine.

 

I limistéar Oibríochtúil Mhullach Íde-Bhinn Éadair, tá na hoibreacha seo a leanas beartaithe:

Bóthar na Trá, Cill Fhionntain - 1 Rampa Moillithe Tráchta & 1 Sraith Tulóga Moillithe Tráchta.

Cúlbhóthar, ag Gort an Chaisléain Mullach Íde - 1 Rampa Barr Tábla do Mhoilliú Tráchta

Bóthar an Stáisiúin, Port Mearnóg - 2 Sraith Tulóga Luais do Mhoilliú Tráchta

Is féidir uiríll maidir leis na Scéimeanna thuas a dhéanamh ar líne ag https://consult.fingal.ie nó i scríbhinn chuig: Oifigeach Riaracháin, Limistéar Oibriúcháin Bhinn Éadroma, An Roinn Oibríochtaí, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 níos déanaí ná 4.30pm Dé Máirt, an 26 Bealtaine.