Córas Pleanála - Ar Oscailt le haghaidh Gnó

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag féachaint lena chinntiú go bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun an córas pleanála a choinneáil ar siúl ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir i gcomhthéacs na comhairle sláinte poiblí is deireanaí le linn na hÉigeandála seo COVID-19.

De réir fhógraí an Taoisigh ar an 27 Márta, caithfidh sciar mór den daonra cocúnú a dhéanamh agus tá srianta suntasacha curtha ar mhuintir na tíre go ginearálta mar chuid de na bearta atá ag éirí níos déine ar tugadh isteach mar fhreagairt ar an éigeandáil COVID-19. Mar sin, bhí orainn breithniú a dhéanamh ar thionchar na mbearta sin ar réimse iomlán na seirbhísí pleanála.

Tá tús curtha ag an Aire le feidhmiú Alt 9 den Acht um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Covid 19) 2020. Leis an alt seo, tá foráil nua (Alt 251A) curtha leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Rinne an Rialtas ordú ina dhiaidh sin faoi Alt 251A(4) á rá gur féidir neamhaird a dhéanamh ar an tréimhse ón 29 Márta go dtí an 9 Bealtaine (agus an dá lá sin san áireamh) nuair atá tréimhse iomchuí, tréimhse shonraithe nó amlínte eile á ríomh faoi na hAchtanna nó forálacha seo a leanas, nó in aon rialachán a dhéantar faoi na hachtanna nó forálacha sin:

  • An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú;
  • An tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990;
  • Cuid 2 den Acht um Athnuachan Uirbeach agus Tithíocht, 2015 (a bhaineann leis an tobhach láithreán folamh);
  • Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe, 2016 (a bhaineann leis na Forbairtí Straitéiseach Tithíochta)
    Tá sé tábhachtach a rá go soiléir nach ionann gníomhachtú na forála seo agus an córas pleanála a reo; ní dhéanann sé ach na hamlínte maidir le cinntí a dhéanamh a shíneadh. Leanfar ar aghaidh le hobair Rannóg Pleanála & Bonneagair Straitéisigh Fhine Gall, faoi réir cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí dar ndóigh.
    Tá athrú sealadach ag teacht ar an mbealach a fheidhmíonn ár seirbhís ag an gcuntar poiblí agus a ghlactar le hiarratais phleanála toisc go bhfuil Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall dúnta don phobal faoi láthair. Leanaimid ar aghaidh le hiarratais a fhaighimid tríd an bpost a ghlacadh agus a dhearbhú. Is é seo a leanas ár seoladh poist:
  • Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, Éirchód K67 X8Y2
    Chomh maith leis sin, is féidir iarratais phleanála a chur sa bhosca seachadta speisialta a bheidh le fáil lasmuigh, taobh thiar de Halla an Chontae, giota beag ó Lána an tSéipéil, i Sord. Beidh an bosca seachadta seo ar fáil gach Déardaoin agus Aoine idir 9.00am agus 1.00pm.
    Má tá aon cheist phleanála agat is féidir ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  nó glaoch gutháin a chur ar 01 890 5541.
    Tá réamhliosta de Cheisteanna Coitianta foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tá an liosta sin faoi cheangal leis an bhfógra seo. Cuirfear leis na ceisteanna sna laethanta atá amach romhainn agus coinneofar suas chun dáta iad ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
    Cliceáil anseo chun teacht ar na Ceisteanna Coitianta