Events

27 Jan 2020
Exhibition

Taispeántas le Susan Cairns ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Rugadh Susan in Éirinn i 1979 agus d'fhás sí aníos i Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath (áit a bhfuil sí fós ina cónaí). Tá Teastas NCVA san Ealaín agus sa Dearadh aici, agus Dioplóma san Ailtireacht agus sa Dearadh Intí, leis. Thosaigh Susan ag péinteáil in uiscedhathanna in 2002. Tar éis cúpla bliain, bheartaigh sí a thiontú go saothair olaphictiúir, agus is é an t-ábhar neamhbheo an speisialtóireacht aici.

16 Feb 2020
Film

Patrick Feeney - Country and Gospel

Is de bhunadh an Ghoirtín i gCo. Shligigh é Patrick Feeney, duine de na hamhránaithe agus na taibheoirí is mó measa in Éirinn agus i rith na camchuairte ‘Country and Gospel’ beidh go leor dá amhráin is cáiliúla le cloisteáil cosúil le ‘I Believe’, ‘Someone to love me’ agus an t-amhrán mór-ráchairte is déanaí uaidh ‘Jerusalem’, ar sheas na sluaite chun bualadh bos a thabhairt dó gach oíche le linn dó a bheith i mbun chamchuairt The 3 Amigos lena chairde Jimmy Buckley agus Robert Mizzell.

20 Feb 2020
dance

Lords of Strut - Absolute Legends

Ba é an phríomhaidhm a bhí ag Sean agus Seamus riamh a bheith cáiliúil. Chun é seo a dhéanamh, ní mór dóibh an mhír fhoirfe damhsa a chruthú; agus teastaíonn do chabhair uathu. I rith na heachtra fantaisíochta damhsa seo, bíonn na deartháireacha ag gluaiseacht go gleoite ó áit go háit, tarraingíonn siad beagán trioblóide orthu féin, bíonn racht feirge nó dhó le cloisteáil, bíonn sé ina ruaille buaille ceart, agus faigheann siad amach an bhfuil siad ag iarraidh a bheith cáiliúil i ndáiríre.

20 Feb 2020
comedy

Des Bishop - Mia Mamma

Is minic a chuirtear an cheist orm “cá bhfaigheann tú d’abhar?” Is í fírinne an scéil i ndáiríre go ndéanaim iarracht an greann a fheiceáil i ngach rud. Fuair mo mháthair bás i Márta 2019 agus ar ndóigh bhí sé brónach agus is crua an rud é an brón in amanna ach chonaic mé cuid mhór grinn ansin freisin. Ó tharla go bhfaigheann muid go léir bás agus go mbeidh brón ar an chuid is mó againn, shíl mé go gcaithfidh sé go bhfuil daoine ann ar mhaith leo go roinnfí an greann sin. Lena chois sin rinne mé seó faoi m’athair a bheith tinn siar in 2010 agus ní thiocfadh liom aghaidh a thabhairt ar mo mháthair sa saol atá le teacht mar tá a fhios agam gurbh í an chéad cheist a chuirfeadh sí orm ná “Fuair Athair seó, cad chuige nach bhfuair mé féin ceann?”

21 Feb 2020
language

Féile Mother Tongues

Cúis áthais do Draíocht a bheith ag obair leis an bhFéile Mother Tongues den chéad uair in 2020 chun roinnt ceardlann agus taibhithe a chur ar fáil i dteangacha difriúla do leanaí, daoine óga, teaghlaigh agus daoine fásta. 

21 Feb 2020
Music

Camchuairt Chomóradh 20 Bliain The Celtic Tenors

Idir ardcháil idirnáisiúnta agus beagán le cois milliún albam díolta, tá rud éigin as an gcoitiantacht ag baint le The Celtic Tenors. Scil, raon agus cumas teanór den chéad scoth, mar aon le pearsantacht agus neart craic eatarthu. 

22 Feb 2020
comedy

A Holy Show

Coiméide nua bunaithe ar eitleán Aer Lingus a bheith á fhuadach ag iar-mhanach Trapach in 1981, agus buidéal uisce in úsáid mar arm aige, an Pápa mar neimisis aige, agus fonn aisteach air teacht ar Thríú Rún Fatima.

22 Feb 2020
Music

Aoife Scott ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

I ndiaidh di a céad albam ‘Carry The Day’ a sheoladh ag Tradfest Theampall an Bharra in 2016, albam a bhí ar fheabhas agus a moladh go hard na spéire, eisíonn Aoife Scott a dara halbam ‘Homebird’,a rabhthas ag tnúth go mór leis, i Mí Eanáir 2020.

26 Feb 2020
Film

Léiriú Scannáin Extra Ordinary (2019) in Draíocht

Teagascóir tiomána deas, ach uaigneach í Rose (Maeve Higgins), a bhfuil cumas osnádúrtha aici ar a dtugtar ‘The Talents’ a chuireann ar a cumas cumarsáid a dhéanamh le taibhsí. Tá idir ghean is ghráin aici dá mbuanna agus  tugann sí neamhaird ar iarratais ón bpobal scrúdú a dhéanamh ar eachtraí aisteacha taibhsiúla sa bhaile.

27 Feb 2020
comedy

Baz Ashmawy - Family Matters

Bí i dteannta Baz (50 Ways to Kill your Mammy, Wingman) agus bain taitneamh as a choiméide nua, ina labhraíonn sé ar fhás aníos i mBaile Átha Cliath mar bhuachail leath-Éigipteach/leath-Éireannach in eastát tithíochta comhairle i mBaile Átha Cliath lena mháthair shingil Nancy, a tharraing aird an phobail uirthi féin nuair a bhí siad sna 70idí! Tagróidh Baz don rath a bhí ar a chuid oibre agus na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis sin ... agus ar ndóigh dá thaithí féin ar sheisear leanaí a thógáil.

27 Feb 2020
Film

In the Aisles ar an scáileán (In Den Gangen) ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Curtha i láthair i gcomhar le Goethe-Institut Irland.

Is fostaí nua ciúin agus airdeallach é Christian (Franz Rogowski) a chuirtear ag obair i roinn na “nDeochanna” i hipearmhargadh in Oirthear na Gearmáine, áit a bhfoghlaimíonn sé a cheird ón seanóir téagartha borb, Bruno (Peter Kurth). Agus é ag breathnú trí na seilfeanna, cuireann sé dúil i Mario (Sanda Hüller), a oibríonn i roinn na sólaistí.