Camchuairt Chomóradh 20 Bliain The Celtic Tenors

HAOINE AN 21 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €25

Idir ardcháil idirnáisiúnta agus beagán le cois milliún albam díolta, tá rud éigin as an gcoitiantacht ag baint le The Celtic Tenors. Scil, raon agus cumas teanór den chéad scoth, mar aon le pearsantacht agus neart craic eatarthu. 

Tá Matthew Gilsenan, James Nelson agus Daryl Simpson ag canadh i dteannta le chéile mar The Celtic Tenors le beagnach 20 bliain anuas, agus tá i bhfad níos mó le tairiscint acu ná guthanna binne agus eolas ar chúrsaí ceoil. Tá siad ar a gcompord i ngach seánra, idir cheol clasaiceach agus cheol tíre, cheol na hÉireann agus phopcheol, agus tugann siad a lucht féachana ar thuras ceoil iontach. Gealltar tráthnóna suaimhneach agus iontach siamsaíochta.

The Celtic Tenors ar thús cadhnaíochta mar gur éirigh leo cúl a thabhairt dá gcúlra clasaiceach, agus dul i dtreo na comhaimsearthachta. Tríd an gcur chuige ceannródaíoch seo, d’éirigh leo lucht éisteachta níos mó a mhealladh ina dtreo agus stíl úr agus lán beochta a fhorbairt a thuill ardmholadh dóibh agus a tharraing aird leantóirí as ar fud an domhain orthu. Idir amhráin ag Uimh. 1 sna Cairteacha in Éirinn & sa Ghearmáin, (agus Uimh. 2 sa Ríocht Aontaithe) agus a dtrí n-albam platanaim, tá a gcáil idirnáisiúnta ag dul i méad an t-am ar fad.