Taispeántas le Susan Cairns ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Rugadh Susan in Éirinn i 1979 agus d'fhás sí aníos i Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath (áit a bhfuil sí fós ina cónaí). Tá Teastas NCVA san Ealaín agus sa Dearadh aici, agus Dioplóma san Ailtireacht agus sa Dearadh Intí, leis. Thosaigh Susan ag péinteáil in uiscedhathanna in 2002. Tar éis cúpla bliain, bheartaigh sí a thiontú go saothair olaphictiúir, agus is é an t-ábhar neamhbheo an speisialtóireacht aici.

Tá taispeántais déanta ag Susan i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus is cúis bhróid di é go bhfuil go leor dá cuid saothar anois le brath i mbailiúcháin phríobháideacha ar fud an domhain chomh fada i gcéin le Sasana, an Ghearmáin, Texas, Nua-Eabhrac, New Jersey, Ceanada agus an Astráil.

"Is éard a bhfuil dúil agam a dhéanamh ná nádúr agus áilleacht gnáthearraí laethúla a tharraingt, agus na sean-gnáth earraí briste a ndéantar neamhshuim orthu a thiontú ina foinsí iontacha iontais ar leith.
Agus blianta fada caite aici ag tarraingt agus ag péintéireacht sna uiscedhathanna tá an saothar atá déanta agam sna holaí le déanta tar éis forbairt i stíl atá éasca a aithint agus atá soiléir agus mionsonraithe. Tá an fiosrúchán ar an solas, ar dhathanna, ar an uigeacht agus an ton ag croílár mo chuid saothair. Is mian liom go mbeidh na rudaí simplí, nach bhfuil chomh háilinn sin den chéad fhéachaint, ag seasamh amach le bheith go maith feiceálach i mo chuid saothair, agus go dtarraingeofar iad ann mar rudaí áille gealla.

Oscailte chuile lá ó 10am go dtí 4:30 pm

Cead isteach saor in aisce.

Fáilte roimh chách.
 

Doirse ar Oscailt: 10:00am
Cuirtear Tús Leis ag: 10:00am

Cead Isteach:

Ag an doras: SAOR IN AISCE