A Holy Show

Scríofa & Arna Léiriú ag Janet Moran

DÉ SATHAIRN AN 22 FEABHRA 2020 8PM / FAD: 70 NÓIM An Príomh-Halla // €18 / €16 lacáiste

Coiméide nua bunaithe ar eitleán Aer Lingus a bheith á fhuadach ag iar-mhanach Trapach in 1981, agus buidéal uisce in úsáid mar arm aige, an Pápa mar neimisis aige, agus fonn aisteach air teacht ar Thríú Rún Fatima.

Léim isteach ar an eitleán inár dteannta agus bain taitneamh as fuadach Éireannach. Bainfidh tú taitneamh as ceol, cumha, gaisce, paidreacha, aislingí, grá (b’fhéidir), gnéas (b’fhéidir) agus láithreas speisialta ón Mhaighdean Mhuire (go cinnte). Agus tarlóidh míorúilt chomh maith. Geallaim duit.

Maoinithe ag The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon. Cruthaithe agus arna léiriú ag Mermaid County Wicklow Arts Centre. Forbairt Spraoi comhchoimisiúnaithe ag Mermaid County Wicklow Arts Centre (Bré) agus Amharclann an Pavilion (Dún Laoghaire) le tacaíocht ó Centre Culturel Irlandais (Páras) agus Fishamble: New Play Clinic.

Is ag Roseanna Purcell & Mark Fitzgerald atá na príomhpháirteanna.