Carranna Pobail Fhine Gall

Go Car

Faigh amach conas páirt a ghlacadh i Seirbhís Carranna Pobail Fhine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Local Link agus GoCar, tar éis an tseirbhís píolótach ‘Carr Pobail’ a sheoladh.

Is í an tseirbhís Carranna Pobail an chéad seirbhís dá leithéid le bheith curtha i bhfeidhm ag aon údarás áitiúil in Éirinn agus tá sé i bhfeidhm i mBinn Éadair agus sna Sceirí anois. Táthar tar éis dhá Fheithicil leictreacha a chur ar fáil don tionscnamh píolótach seo a dtugann aitheantas don tiomantas atá ag Fine Gall don Ghníomhú ar son na hAthruithe Aeráide. 

Cé atá in ann leas a bhaint as an tSeirbhís Carranna Pobail?

Bunaíodh Scéim na gCarranna Pobail chun daoine a thabhairt chuig

  • Ceapacháin Ospidéil agus Sláinte. 
  • An baile áitiúil chun rochtain a fháil ar sheirbhísí pinsin / baincéireachta / siopadóireachta.
  • Gníomhaíochtaí pobail áitiúla - bothán na bhfear, grúpaí gníomhaíochta lucht scoir, cruinnithe pobail áitiúla, srl.
  • Tithe altranais chun cuairt a thabhairt ar dhaoine muinteartha / cairde.

Conas is féidir le daoine leas a bhaint as an tSeirbhís Carranna Pobail?

Chun suíochán a chur in áirithe ar an Scéim Carranna Pobail

  • Cuir glaoch ar 046 9074830 nó chuir ríomhphost chuig  [email protected]
  • Más rud é go bhfuil tú cláraithe, beidh d'ainm agus do shonraí teagmhála ar comhad san oifig
  • Más rud nach bhfuil, is féidir leat clárú ar an bhfón.
  • Cuir do thuras in áirithe, is cuma más chun dul go dtí an baile, an t-ospidéal, teach altranais nó imeacht pobail atá sé.

 

Ar mhaith leat a bheith i do thiománaí deonach le Local Link?

Seo an chaoi is féidir a bheith páirteach. Chun oibriú go deonach le Carr Pobail na Sceirí nó Bhinn Éadair

  • Cuir glaoch ar 046 9074830 nó chuir ríomhphost chuig  [email protected]   agus cuir d'ainm síos mar oibrí deonach

Cad atá i gceist leis?

Is tionscnamh é an scéim Carr Pobail a bhfuil sé mar aidhm aige oibrithe deonacha a thabhairt isteach sa phobal áitiúil agus cuidiú le daoine de chuid an phobail, tríd an iompar tacaithe a chur ar fáil. Cuirfidh an Tiománaí Deonach iompar riachtanach ó dhoras go doras ar fáil do phaisinéirí atá aitheanta mar dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an iompar poiblí nó ar chineálacha eile iompair.

Leis seo, áireofar:

  • Seirbhísí, dála cuairteanna ar ospidéil
  • Rochtain ar an iompar chun teacht ar sheirbhísí sláinte nach mbeadh indéanta gan an tseirbhís.
  • Seirbhís ríthábhachtach a chur ar fáil do dhaoine chun teacht a fháil ar a bpinsin, ar an tsiopadóireacht, gníomhaíochtaí pobail, agus seirbhísí baincéireachta.

Conas a oibríonn sé?

Mar oibrí deonach, inseoidh tú am rialta a bheidh ar fáil le bheith ar glao dualgais chun tiomáint go deonach. Ansin, cuirtear ar phainéal tú de thiománaithe atá ar fáil ar glao de réir éilimh. I bhformhór na gcásanna, gheobhaidh tú fógra cúpla lá roimh ré chun deimhniú go mbeidh tú ar fáil le haghaidh turas ar leith. Ní gá duit a bheith ar fáil i gcónaí! Ní dhéanfar teagmháil leat ach amháin chun tiomáint le linn na n-uaireanta a n-insíonn tú linn go bhfuil tú ar fáil agus ní fadhb í más rud é nach féidir leat an turas sin a dhéanamh.

Cuirfear oiliúint iomlán ar fáil don ról seo ag am agus ar lá a oireann don oibrí deonach.

Cad atá ag teastáil don phost seo

Critéir Riachtanacha

  • Láncheadúnas Glan Tiomána

Critéir Inmhianaithe Eile:

  • Eolas ar an gceantar geografach
  • Cumas idirchaidreamh a dhéanamh le daoine aosta, le daoine atá faoi mhíchumas agus le raon leathan de dhaoine a dteastaíonn iompar uathu sa phobal
  • Tá scileanna ríomhaireachta bunúsacha inmhianaithe, ach níl siad riachtanach.

Nuair a bheidh an cúrsa críochnaithe, beidh na hoibrithe deonacha go léir ar an eolas is deireanaí, deimhnithe go hiomlán agus cáilithe chun tiomáint ag an gcaighdeán riachtanach de réir mar a éilíonn seirbhísí Local Link. Beidh na tiománaithe níos muiníní ar an mbóthar mar thiománaí, mar thiománaí cairr pobail agus maidir leis na freagrachtaí atá orthu as na daoine a bheidh á n-iompar acu. Mar chuid den oiliúint, beidh ar na tiománaithe tiomáint triallach a dhéanamh ar bhonn aonair san fheithicil agus déanfar Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána orthu chomh maith.

 

Cé léi ba cheart duit teagmháil a dhéanamh: Patricia Cassidy, Flexibus. Ríomhphost:  [email protected]       Fón: 046-9074830 

Cliceáil anseo chun preasráiteas faoi Scéim na gCarranna Pobail