Léiriú Scannáin Extra Ordinary (2019) in Draíocht

DÉ CÉADAOIN AN 26 FEABHRA 2020 7.30PM An Príomh-Halla // €7.50 / €6 lacáiste

Teagascóir tiomána deas, ach uaigneach í Rose (Maeve Higgins), a bhfuil cumas osnádúrtha aici ar a dtugtar ‘The Talents’ a chuireann ar a cumas cumarsáid a dhéanamh le taibhsí. Tá idir ghean is ghráin aici dá mbuanna agus  tugann sí neamhaird ar iarratais ón bpobal scrúdú a dhéanamh ar eachtraí aisteacha taibhsiúla sa bhaile. Ach, nuair a dhéanann an baintreach fir dathúil, Martin (Barry Ward) teagmháil léi, ag lorg cabhrach mar go bhfuil a iarbhéile chéile ag cur isteach air, caithfidh sí a machnamh a dhéanamh, ar a laghad, glacadh leis an bpost! Idir an dá linn, ar an taobh eile den bhaile, tá plean mailíseach ag an réalta rac-cheoil, atá ag dul in aois, Christian (Will Forte), lena chinntiú go n-éireoidh leis. Is iomaí cor agus casadh, eachtra greannmhar, deamhandíbirt agus bosca bruascair céasta a chasfar ort i rith na coiméide fhíorghreannmhaire seo.