Baz Ashmawy - Family Matters

DÉARDAOIN AN 27 FEABHRA 2020 8PM An Príomh-Halla // €25 / €23 lacáiste

Bí i dteannta Baz (50 Ways to Kill your Mammy, Wingman) agus bain taitneamh as a choiméide nua, ina labhraíonn sé ar fhás aníos i mBaile Átha Cliath mar bhuachail leath-Éigipteach/leath-Éireannach in eastát tithíochta comhairle i mBaile Átha Cliath lena mháthair shingil Nancy, a tharraing aird an phobail uirthi féin nuair a bhí siad sna 70idí! Tagróidh Baz don rath a bhí ar a chuid oibre agus na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis sin ... agus ar ndóigh dá thaithí féin ar sheisear leanaí a thógáil.

Is Craoltóir Raidió agus Teilifíse Duaisbhuaiteach é Baz Ashmawy a bhfuil Gradam Emmy agus IFTA bronnta air. Le déanaí, taispeánadh seó Baz dar teideal ‘Wingman’ ar RTÉ One, clár a thuill ardmholadh. I rith an tseó seo thacaigh Baz le daoine éagsúla a raibh cineálacha éagsúla saoil á gcaitheamh acu chun a gcuid aislingí a fhíorú. I mí na Samhna 2015, bhuaigh 50 Ways to Kill Your Mammy an gradam don Chlár Siamsaíochta Gan Script is Fearr ag Gradaim Idirnáisiúnta Emmy 2015. I rith an tseó seo tugann Baz deis dá mháthair Nancy gníomh gaisce a dhéanamh agus tugann sé léargas ar an gcaoi a dhéileálann an mháthair Éireannach leis na gníomhartha gaisce sin.