Tar éis 12 mhí, beagnach, d’oibreacha tógála, osclaíodh Droichead Coisithe Dhomhnach Bat, ar fiú €1.5 milliún é, go hoifigiúil inniu. Ba iad an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, a d’oscail é.
Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh iarratais ar Scéim Deontas an Achta Ealaíon, 2026, oscailte ón lá inniu, an Aoine an 10 Deireadh Fómhair 2025, go dtí 4.00pm Dé hAoine an 5 Nollaig 2025.
I gcomhthráth le Lá Domhanda na Meabhairshláinte, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tionscnamh a chur i bhfeidhm atá ceaptha chun fir óga a spreagadh chun labhairt ar bhealach níos oscailte faoina meabhairshláinte.
Chun cabhrú le feabhsuithe i nDomhnach Bat a bhrú chun cinn, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall bunú Foirne Baile nua agus sheol sí Plean Seiceála Sláinte um Thús Áite do Lár Bailte do Dhomhnach Bat. I dteannta a chéile, tá sé mar aidhm acu lár baile Dhomhnach Bat a dhéanamh ina áit níos inmharthana, níos beoga agus níos tarraingtí le cónaí, le hobair, le sóisialú agus le gnó a dhéanamh ann.
Tá sceitimíní ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le iBike Dublin agus le hOifig na nOibreacha Poiblí, a fhógairt go bhfuil an Dioscó Rothar ag filleadh.
Cheiliúir pobal Bhaile Maidheac garsprioc mhór an tseachtain seo caite le hoscailt oifigiúil Ghairdín Pobail Bhaile Maidheac, ar spás glas nua bríomhar é atá deartha chun cónaitheoirí a thabhairt le chéile, chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus chun teacht chun bheith ina ‘spás scíthe d’Fhine Gall’.
Chomóir Baile Brigín, cathair ainmnithe Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh an Tionscadail EcoCore de chuid URBACT (an Clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach), garsprioc ollmhór ina aistear inbhuanaitheachta le seoladh an Phodchraolta EcoCore agus le críoch rathúil an chruinnithe deiridh de chuid na gcomhpháirtithe EcoCore, a tionóladh in Dubrovnik, an Chróit, ón 24 Meán Fómhair go dtí an 27 Meán Fómhair 2025.
Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall gradam an athuair ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann 2025 i mbliana. I mbliana, tugadh aitheantas do Chomhairle Contae Fhine Gall i gcatagóir an Ghradaim Rialtais Áitiúil as a Tairseach Nuashonraithe Tionóntachtaí don Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP).
Tá an fhéile deartha chun bheith ionchuimsitheach, agus imeachtaí ann a chabhróidh le tuismitheoirí agus le leanaí cuimhní a chruthú trí Ghaeilge, beag beann ar cé acu is cainteoirí líofa iad nó is daoine iad nach bhfuil ach cúpla focal acu.
Tá Fine Gall tar éis sárchlár a fhógairt do mhí Dheireadh Fómhair mar chuid den fheachtas ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’, rud a chuireann leis an mbonn láidir imeachtaí atá ann cheana.