Foireann Baile nua fógartha do Dhomhnach Bat

New Town Team announced for Donabate 1

Chun cabhrú le feabhsuithe i nDomhnach Bat a bhrú chun cinn, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall bunú Foirne Baile nua agus sheol sí Plean Seiceála Sláinte um Thús Áite do Lár Bailte do Dhomhnach Bat. I dteannta a chéile, tá sé mar aidhm acu lár baile Dhomhnach Bat a dhéanamh ina áit níos inmharthana, níos beoga agus níos tarraingtí le cónaí, le hobair, le sóisialú agus le gnó a dhéanamh ann.

Is é is an beartas um Thús Áite do Lár Bailte ann ná mórbheartas trasrialtais a bhfuil sé mar aidhm leis dul i ngleic le haonaid fholmha, dearóiliú a chomhrac, agus beocht nua a thabhairt do lár bailte. Moltar ann go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch áitbhunaithe i leith forbairt uirbeach agus tuaithe inbhuanaithe.

I mí Mheán Fómhair 2024, d’oibrigh cónaitheoirí, grúpaí pobail agus úinéirí gnó ón limistéar áitiúil, agus geallsealbhóirí eile i nDomhnach Bat, i gcomhar le hOifig Athghiniúna Baile Chomhairle Contae Fhine Gall chun Plean Gníomhaíochta 15 phointe a chruthú chun cabhrú le todhchaí an láir baile a threorú. Leis na gníomhartha, clúdaítear feabhsuithe ríochta poiblí, an turasóireacht, úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana, pleanáil straitéiseach don todhchaí, comhfhorbairt áite, agus na healaíona, an oidhreacht agus an cultúr.

New Town Team announced for Donabate 2

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ní bheifí in ann an tSeiceáil Sláinte seo a dhéanamh murach an t-am agus an dua a chuir an Fhoireann Baile agus daoine eile isteach. Thaispeáin a lán grúpaí pobail, geallsealbhóirí, gnólachtaí agus cónaitheoirí ón limistéar áitiúil a dtiomantas do lár baile Dhomhnach Bat a fheabhsú trí pháirt a ghlacadh sa phróiseas seo a rachaidh chun tairbhe dá mbaile agus dá chónaitheoirí uile.”

Bunaíodh Foireann Baile i nDomhnach Bat, agus é faoi chathaoirleacht an Dr Louis Gunnigan PhD, Comhalta d’Institiúid Chairte na Tógála. Ag labhairt dó ag an seoladh, ghabh an Dr Gunnigan buíochas leo siúd a thug a gcuid ama go dtí seo chun Foireann Baile a bhunú agus chun plean a ullmhú don bhaile: “Tá an Fhoireann Baile nua faoi lánseol agus tá dul chun cinn á dhéanamh aici cheana féin, agus iarratais déanta ar chistiú le haghaidh roinnt de na gníomhartha a sainaithníodh.”

New Town Team announced for Donabate 3

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha i gComhairle Contae Fhine Gall: “Fáiltím roimh bhunú Foirne Baile nua agus geallaim go dtabharfaidh Comhairle Contae Fhine Gall a tacaíocht leanúnach do chur i gcrích an Phlean Seiceála Sláinte.”

Dúirt Declan Ryan, Oifigeach Athghiniúna Baile do Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhFoireann Baile nua agus le gach duine a ghlac páirt sna ceardlanna fothaithe acmhainneachta. Tacóidh an Fhoireann Athghiniúna Baile i gComhairle Contae Fhine Gall, i gcás gur féidir, le hobair agus uaillmhian na Foirne Baile nua.”

Tá oibrithe deonacha áitiúla ar mian leo cabhrú le cur i gcrích an Phlean Seiceála Sláinte á lorg go gníomhach ag an bhFoireann Baile anois. Is féidir le haon daoine ar mian leo a bheith páirteach ann teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Athghiniúna Baile: [email protected]