Seolann tionchaire aithnidiúil an Dioscó Rothar 2025

bike disco

Tá sceitimíní ar Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, le iBike Dublin agus le hOifig na nOibreacha Poiblí, a fhógairt go bhfuil an Dioscó Rothar ag filleadh. Is imeacht rothaíochta oíche bliantúil é a cheiliúrann spraoi, saoirse agus soghluaisteacht inbhuanaithe.

Chun an t-imeacht a sheoladh, chuaigh Amber Arkins, tionchaire, i gcomhpháirt le baill de iBike Dublin le haghaidh fótaisheisiún bríomhar bolscaireachta ar Shráid na Parlaiminte. Tá sé mar aidhm leis an bhfeachtas cailíní sna déaga agus mná a spreagadh chun glacadh leis an rothaíocht mar mhodh lúcháireach, cuimsitheach agus cumhachtach taistil.

Beidh Dioscó Rothar na bliana seo ar siúl Dé hAoine an 10 Deireadh Fómhair 2025. Tosóidh an dreas rothaíochta 5 km, a bheidh saor ó thrácht, ag Séadchomhartha an Fhionnuisce ar Ascaill Chesterfield, leanfaidh sé bealach radharcach feadh Bhóthar na Suirbhéireachta Ordanáis, tríd an nGleann Íochtarach agus tríd an nGleann Uachtarach, amach trí Bhóthar an Aitinn, agus ag críochnú ar Ascaill Chesterfield an athuair. Tosóidh sé ag 7.45pm go díreach. Tugtar cuireadh do gach rothaí, beag beann ar a n-aois, chun a rothar a shoilsiú le breomhaidí, le soilse sí, agus le hoiriúintí dathannacha, agus chun páirt a ghlacadh i dturas bríomhar tríd an bpáirc. Beidh ceol beo ó DJanna rothair lasta iBike Dublin le cloisteáil le linn an dreasa rothaíochta agus beidh atmaisféar bríomhar de stíl féile le sonrú feadh an bhealaigh.

“Ba cheart an rothaíocht a bheith spraíúil agus sóisialta,” arsa Emma Court, Oifigeach Siúil agus Rothaíochta i gComhairle Contae Fhine Gall. “Cabhraíonn imeachtaí cosúil leis an Dioscó Rothar le níos mó daoine, go háirithe mná óga, a mhothú go bhfuil siad muiníneach agus infheicthe ar a rothar.”

Tá an Dioscó Rothar mar chuid de mhórchlár taistil ghníomhaigh Chomhairle Contae Fhine Gall, rud a chuireann modhanna iompair ísealcharbóin atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn agus a spreagann daoine chun a dtimpeallacht a fheiceáil ar bhealach nua.

Tá na ticéid saor in aisce, ach is gá clárú trí Eventbrite ag https://www.eventbrite.ie/e/bike-disco-tickets-1720592461369  Moltar do rannpháirtithe a soilse is gile, a n-éadaí is dathannaí, agus a bhfuinneamh is fearr a thabhairt leo le haghaidh oíche cheiliúrtha ar rothaí. Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall a mheabhrú do rothaithe gléasadh go cuí don aimsir, a gclogad a thabhairt leo agus a chinntiú go bhfuil a rothar ródacmhainneach.

bike disco