Ceiliúrann Comhairle Contae Fhine Gall oscailt droichid nua coisithe agus rothaíochta i nDomhnach Bat

Donabate Pedestrian Bridge

Tar éis 12 mhí, beagnach, d’oibreacha tógála, osclaíodh Droichead Coisithe Dhomhnach Bat, ar fiú €1.5 milliún é, go hoifigiúil inniu. Ba iad an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, agus AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, a d’oscail é.

Tá Droichead Coisithe Dhomhnach Bat suite os cionn na líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, agus é ag soláthar bealach sábháilte scartha do rothaithe agus do choisithe agus ag nascadh na limistéar atá i mbéal forbartha atá sa Chorrbhaile Thoir agus sa Chorrbhaile Thiar. Leis an droichead, cuirfear feabhas ar an nasc easbhóthair idir an stáisiún traenach agus Diméin an Droichid Nua. Toradh amháin a bheidh ar limistéar Dhomhnach Bat a nascadh go hinmheánach leis an droichead seo le haghaidh siúil agus rothaíochta is ea go ngiorrófar na hagaí turais áitiúla chuig scoileanna, chuig siopaí, chuig bialanna, chuig iompar poiblí agus chuig saoráidí spóirt. Toradh eile a bheidh air is ea go dtacófar le daoine bealaí gníomhacha taistil a roghnú, rud a rannchuideoidh le haer níos glaine agus a fheabhsóidh saol an tsráidbhaile.

Tharla comhairliúchán poiblí Chuid 8 go déanach sa bhliain 2019 agus, i mí Lúnasa 2023, ghlac an Coimisiún um Rialáil Iarnróid le dearadh an droichid. Tar éis próiseas soláthair a chur i gcrích, ceapadh Jons Civil Ltd chun an obair a chur i gcrích thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall. D’oibrigh an chuideachta i gcomhar le foireann Fhine Gall agus le O’Connor Sutton Cronin, comhairleoirí deartha agus innealtóireachta, chun an droichead nua a sholáthar. Cuireadh an tógáil i gcrích i mí Mheán Fómhair i mbliana agus osclaíodh an droichead go hoifigiúil an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Donabate Pedestrian Bridge

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Comórtar lá suntasach do Dhomhnach Bat leis an oscailt inniu. Ní hé amháin go nasctar dhá thaobh d’iarnród leis an droichead seo, ach nasctar teaghlaigh, cairde, scoileanna agus comharsana agus soláthraítear bealach níos sábháilte do choisithe agus do rothaithe leis an droichead freisin. Comhghairdeas le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo a chur i gcrích.”

Ar ball beag, beidh an droichead ina nasc le glasbhealaí in aice láimhe freisin, lena n-áireofar Bealach an Mhóinéir Leathain agus Bealach Cósta Fhine Gall atá beartaithe, agus taisteal inbhuanaithe á neartú ar fud Leithinis Dhomhnach Bat dá réir. Tá réise 26.5 méadar agus fad iomlán 33 mhéadar ag an droichead, agus córais soilsithe agus draenála suiteáilte ann chun sábháilteacht agus inúsáidteacht a chinntiú ar fud na bliana.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sa lá inniu ná céim shuntasach chun cinn do Dhomhnach Bat agus d’Fhine Gall ina hiomláine. Tá oscailt an droichid seo ina léiriú ar ár dtiomantas leanúnach don iompar inbhuanaithe, don taisteal gníomhach, agus do phobail nasctha bhríomhara a chruthú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo a chur i gcrích, rud atá ina fhianaise ar an méid is féidir linn a bhaint amach le chéile trí phleanáil réamhbhreathnaitheach agus trí thacaíocht láidir ón bpobal.”

Dúirt Joe Seymour, Stiúrthóir Cúnta um Pleanáil agus Infheistíocht Iompair san Údarás Náisiúnta Iompair: “Tá ríméad ar an Údarás Náisiúnta Iompair tacaíocht a thabhairt do Chomhairle Contae Fhine Gall agus an droichead nua coisithe agus rothaíochta seo á sholáthar do Dhomhnach Bat. Is píosa ríthábhachtach bonneagair é seo lena soláthraítear nascacht a theastaíonn go géar don phobal áitiúil agus lena dtugtar níos mó rogha do dhaoine a mhéid a bhaineann le taisteal inbhuanaithe agus gníomhach a roghnú le haghaidh a ngnáth-thuras laethúil. Tá pleananna uaillmhianacha ag Fine Gall dá gréasán taistil ghníomhaigh, agus táim ag súil leis an dul chun cinn agus an fhorbairt a dhéanfar air sna blianta amach romhainn a fheiceáil.”

Donabate Pedestrian Bridge