Oiliúint a chur ar bhearbóirí i mbeatha daoine a shábháil: Labhraímis faoin bhFéinmharú

I gcomhthráth le Lá Domhanda na Meabhairshláinte, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tionscnamh a chur i bhfeidhm atá ceaptha chun fir óga a spreagadh chun labhairt ar bhealach níos oscailte faoina meabhairshláinte.

Barber Mental Health

I gcomhthráth le Lá Domhanda na Meabhairshláinte, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tionscnamh a chur i bhfeidhm atá ceaptha chun fir óga a spreagadh chun labhairt ar bhealach níos oscailte faoina meabhairshláinte agus ar lena linn a chuirfear oiliúint ar bhearbóirí áitiúla i gcomharthaí an chiaptha a aithint, i gcomhráite tacúla a thosú, in éisteacht go maith agus i gcliaint a nascadh leis an gcabhair a theastaíonn uathu.

Tá tacaíocht ag an tionscadal Talking Heads ó roinnt eagraíochtaí pobail, lena n-áirítear an Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Fine Gall, Fine Gall Shláintiúil, Seirbhísí Meabhairshláinte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath Thuaidh, agus an Coiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Cathair Bhaile Átha Cliath.

Ag teacht leis an díriú atá ag Lá Domhanda na Meabhairshláinte i mbliana ar spásanna sábháilte a chruthú le haghaidh comhráite oscailte, cuirfear seisiúin tosaigh de Talking Heads ar siúl i siopaí bearbóra i bhFionnghlas agus i Lusca, agus pleananna ann iad a leathnú chuig láithreacha breise. Leis an tionscnamh, tugtar cuireadh do bhearbóirí níos mó ná a n-obair bearrtha a dhéanamh agus comhrá tacúil a thairiscint nuair a theastaíonn sé.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is áiteanna ina mbraitheann fir óga compordach agus oscailte go minic iad siopaí bearbóra. Trí bhearbóirí a spreagadh chun an oiliúint ‘Labhraímis faoin bhFéinmharú’ a chur i gcrích, táimid ag cruthú spásanna iontaofa inar féidir comhráite faoin meabhairshláinte a dhéanamh go nádúrtha. Ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, tá sé tábhachtach a mheabhrú do gach duine gur féidir beatha daoine a shábháil trí theagmháil a dhéanamh leo agus trí labhairt leo.”

Chomh maith le spásanna fáilteacha a chruthú le haghaidh comhrá, táthar ag spreagadh bearbóirí ar fud Fhine Gall chun an clár oiliúna ar líne saor in aisce um fhéinmharú a chosc dar teideal ‘Labhraímis Faoin bhFéinmharú’ a chur i gcrích. Cabhraíonn sé sin le rannpháirtithe na comharthaí a léiríonn go bhféadfadh duine a bheith i mbaol a aithint, muinín a chothú as aghaidh a thabhairt go díreach ar an bhféinmharú, agus iad siúd atá i ngátar a nascadh le líonraí tacaíochta cuí.

Dúirt Niall McGuirk, Comhordaitheoir Fhine Gall Shláintiúil: “Is éard atá i gceist le Talking Heads ná pobail a chumhachtú chun aire a thabhairt dá chéile. Is eol dúinn go gcothaíonn bearbóirí dáimh láidir lena gcliaint, agus tugann an tionscnamh seo uirlisí praiticiúla dóibh chun tacú le daoine atá i gcruachás. Is bealach simplí ach cumhachtach é chun difear mór a dhéanamh san fhéinmharú a chosc.”

Rachaidh an tionscnamh Talking Heads níos faide ná Lá Domhanda na Meabhairshláinte, agus beidh feachtas spriocdhírithe meán sóisialta ann chun bearbóirí a spreagadh chun clárú le haghaidh na hoiliúna, agus chun a chur i gcuimhne d’fhir gur féidir lena mbearbóir a bheith ina éisteoir iontaofa den scoth.

Dúirt John Duffy, Oifigeach Acmhainní FSS um Fhéinmharú a Chosc: “Is eol dúinn gur féidir le comhráite beaga difear mór a dhéanamh. Trí bhearbóirí a spreagadh chun an oiliúint saor in aisce ‘Labhraímis faoin bhFéinmharú’ a chur i gcrích, tugann Talking Heads an mhuinín dóibh as a aithint cathain a d’fhéadfadh daoine a bheith i mbaol agus as iad a nascadh leis na tacaíochtaí cearta. Léiríonn an tionscnamh seo an ról ríthábhachtach is féidir le spásanna pobail amhail siopaí bearbóra a imirt san fhéinmharú a chosc.”

Tá an oiliúint ‘Labhraímis faoin bhFéinmharú’ ar oscailt do dhuine ar bith os cionn 18 mbliana d’aois, agus is féidir í a rochtain trí https://traininghub.nosp.ie

An dteastaíonn tacaíocht uait? 

Tabhair cuairt ar www.yourmentalhealth.ie le haghaidh faisnéis faoi conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte, chun tacú le daoine eile, nó chun seirbhís tacaíochta a aimsiú i do cheantar. Is féidir leat freisin glaoch ar an Líne Faisnéise Meabhairshláinte ar 1800 111 888, am ar bith le linn an lae nó san oíche, le haghaidh faisnéis faoi na seirbhísí meabhairshláinte atá ar fáil i do cheantar.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin tionscnamh Talking Heads nó faoin oiliúint ‘Labhraímis faoin bhFéinmharú’, déan teagmháil le: John Duffy, Oifigeach Acmhainní FSS um Fhéinmharú a Chosc, ag [email protected]

World Mental Health Day