Bronntanas: Féile Nua Gaeilge do Theaghlaigh i bhFine Gall

An tseachtain seo, tá Leabharlanna Fhine Gall ag dul i gcomhpháirt le Gaeilge365 chun Bronntanas, féile nua a cheiliúrann na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh, a óstáil. 

 

Sarah Sparkles brings interactive story-telling to Fingal libraries as part of the Bronntanas Festival

Íoslódáil Bróisiúr Bronntanas - Cuir gach imeacht in áirithe sa Leabharlann a óstálann é.

An tseachtain seo, tá Leabharlanna Fhine Gall ag dul i gcomhpháirt le Gaeilge365 chun Bronntanas, féile nua a cheiliúrann na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh, a óstáil. Trí chluichí, ceol, ealaín agus spraoi a sholáthar, tá an Ghaeilge i lár an aonaigh ag an gceiliúradh beoga seo i leabharlanna ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath.

Gabhann Bronntanas misean na féile chun an Ghaeilge a chur i láthair mar bhronntanas luachmhar atá le comhroinnt agus a bhfuil taitneamh le baint as. Tá an fhéile deartha chun bheith ionchuimsitheach, agus imeachtaí ann a chabhróidh le tuismitheoirí agus le leanaí cuimhní a chruthú trí Ghaeilge, beag beann ar cé acu is cainteoirí líofa iad nó is daoine iad nach bhfuil ach cúpla focal acu.

Mar chuid den fhéile, beidh imeachtaí Gaeilge a bheidh oiriúnach do theaghlaigh ar siúl i Leabharlanna Fhine Gall Dé hAoine an 26 Meán Fómhair agus Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair. Is ar rannpháirtíocht ghníomhach lúcháireach, agus ní ar cheachtanna foirmiúla, a bheifear ag díriú, agus foghlaim idirghníomhach ann chun cabhrú le daoine an Ghaeilge a fhionnadh le chéile.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Cuireann an fhéile spás spraíúil, tacúil agus saibhir ar fáil do theaghlaigh chun nascadh lena chéile agus chun níos mó a fhoghlaim faoin nGaeilge. Is deis iontach í seo do gach duine, beag beann ar aois agus ar chumas, cur lena muinín as an nGaeilge a úsáid le chéile trí imeachtaí tarraingteacha. Is í an sprioc dheiridh ná eispéireas speisialta a chruthú lena spreagtar grá marthanach don Ghaeilge, rud ar féidir le teaghlaigh leanúint ar aghaidh á chothú sa bhaile.”

Families can come together for Irish in the library as part of the Bronntanas Festivaln

Ar áireamh i gclár na féile tá seó idirghníomhach fíorghreannmhar i Leabharlann Bhaile Bhlainséir a mbeidh geamaireacht agus Gaeilge spraíúil bheoga le fáil ann, ceardlanna Bodhráin do theaghlaigh i Leabharlann Shoird agus i Leabharlann Bhaile Dúill, ceardlann theagmhálach criadóireachta i Leabharlann Dhomhnach Bat, ceardlann ealaíne traidisiúnta agus intleachta saorga i Leabharlann Mhullach Íde, tús eolais spraíúil ar cheol traidisiúnta i Leabharlann an Rois, agus cluiche idirghníomhach mistéire i Leabharlann Bhaile Brigín.

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae: “Tá ríméad ar Leabharlanna Fhine Gall páirt a ghlacadh i bhFéile Bronntanas. Táimid tiomanta do dheiseanna a sholáthar do theaghlaigh an Ghaeilge a labhairt agus a chloisteáil sa phobal trí rannpháirtíocht in eispéiris chruthaitheacha bheoga.”

Ar na tionscnaimh eile a d’eagraigh Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de chlár Gaeilge365 bhí Lá Mór na Gaeilge i mí Iúil agus Féiltí a Ghaelú, áit ar cuireadh níos mó Gaeilge le himeachtaí amhail Seachtain na hOidhreachta agus Blasanna Fhine Gall. Cuireadh tob-Ghaeltacht ar siúl ag Seó Bhlasanna Fhine Gall, ar lena linn a bhí ríméad ar dhaoine móra Gaeilge, bíodh siad ina gcainteoirí líofa nó ina dtosaitheoirí, an deis a bheith acu an teanga a labhairt. Ar Lá Mór na Gaeilge an 10 Iúil, iarradh ar gach ball foirne i gComhairle Contae Fhine Gall roinnt Gaeilge a úsáid ar an lá, le tacaíocht ó chluichí, ó phóstaeir, ó cheardlanna, ó cheol agus ó liostaí frásaí simplí.  Le linn Sheachtain na hOidhreachta, chraol an Chomhairle an chéad phodchraoladh lán-Ghaeilge dá cuid riamh agus d’óstáil sí oíche iontach de Cheol, Craic agus Gaeilge i Halla an Chontae chomh maith le turais ar mhaoine Oidhreachta as Gaeilge. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl, téigh chuig: https://www.fingal.ie/ga/events/bronntanas-ag-leabharlanna-fhine-gall

Bronntanas 2025 will host events in Irish this weekend in libraries across Fingal