Gradam eile Buaite ag Comhairle Contae Fhine Gall ag Gradaim ríomh-Rialtais 2025

Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall gradam an athuair ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann 2025 i mbliana. I mbliana, tugadh aitheantas do Chomhairle Contae Fhine Gall i gcatagóir an Ghradaim Rialtais Áitiúil as a Tairseach Nuashonraithe Tionóntachtaí don Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP). 

Is é atá sa Tairseach Leasuithe HAP ná ardán slán a fhágann go bhfuil sé níos éasca do thionóntaí agus do thiarnaí talún iarrataí a chur isteach chun imthosca a dtionóntachtaí HAP a nuashonrú. Tá na hiarrataí seo a leanas i measc na n-iarrataí sin:

  • Athbhreithnithe Cíosa Mhíosúil a Dhéanamh​
  • Mionsonraí Ioncaim a Athrú​
  • Scor de thionóntachtaí HAP atá ann cheana​
  • An Tiarna Talún/an Gníomhaire a Athrú   ​
  • Mionsonraí Bainc an Tiarna Talún a Athrú 

Ós rud é go bhfuil breis agus 2,450 tionóntacht á mbainistiú ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair, tá an líon iarrataí ar leasuithe ag teacht chun bheith ina dhúshlán. Roimhe seo, bhí ar thionóntaí agus ar thiarnaí talún teagmháil a dhéanamh le rannán HAP Chomhairle Contae Fhine Gall leis an bpost, ar an teileafón nó le ríomhphost. Tríd an bpróiseas a dhigitiú tríd an tairseach, cuíchóiríonn an Chomhairle an próiseas trí úsáideoirí a threorú chun an fhaisnéis riachtanach ar fad a sholáthar roimh ré - rud a laghdaíonn agaí freagartha, a fheabhsaíonn cruinneas agus a ligeann d’úsáideoirí a n-iarrataí a rianú i bhfíor-am. Leis sin, tugtar tacaíocht níos tapúla dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu léi.

Rud ba shuntasaí fós, cinntítear leis an tairseach go gcomhlíontar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus faisnéis íogair á cosaint agus tiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall do phríobháideacht agus slándáil a húsáideoirí á treisiú. Tá an tionscadal seo ina léiriú ar thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall don nuálaíocht agus do sheirbhísí den scoth a sholáthar dár saoránaigh. 

E-Gov Awards 2025

Dúirt Paul Carroll, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail do Chomhairle Contae Fhine Gall, a bhí i láthair ag an searmanas bronnta gradam: 

“Táimid an-bhródúil as aitheantas a fháil as an tionscadal seo toisc go léiríonn sé tiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall don nuálaíocht agus do sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí. Bhí an-iomaíocht ann sa chatagóir seo, agus roinnt iontrálacha láidre ann ó údaráis áitiúla ar fud na tíre. Tá áthas ar leith orm, mar sin, go bhfuil aitheantas á thabhairt, agus údar maith leis, as an obair dhícheallach atá á déanamh ag ár bhfoireann sa Rannóg Tithíochta leis an ngradam seo.” 

Tar éis cistiú a fháil trí Chiste Nuálaíochta Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall i mí na Nollag 2023, cuireadh tús le forbairt na tairsí i mí an Mhárta 2024, agus seoladh í bliain ina dhiaidh sin i mí an Mhárta 2025. Agus iad ar an bhfód le 23 bliana anuas anois, is é atá sna Gradaim ríomh-Rialtais Éireannacha ná ócáid ina gceiliúrtar an sármhaitheas i gclaochlú seirbhísí digiteacha rialtais ar fud na hearnála poiblí. A bhuí leis na Gradaim, caitear solas ar an nuálaíocht, ar an gcruthaitheacht, agus ar na torthaí atá dírithe ar an saoránach sa soláthar seirbhísí poiblí.