Osclaíonn Comhairle Contae Fhine Gall Scéim Deontas an Achta Ealaíon le haghaidh Iarratas

AA26 apply now

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh iarratais ar Scéim Deontas an Achta Ealaíon, 2026, oscailte ón lá inniu, an Aoine an 10 Deireadh Fómhair 2025, go dtí 4.00pm Dé hAoine an 5 Nollaig 2025.

Tá an scéim ceaptha chun tacú le healaíontóirí aonair, le grúpaí pobail, agus le heagraíochtaí ealaíon atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha i bhFine Gall. Dámhtar deontais faoin Acht Ealaíon, 2003, agus léirítear iontu a chuspóirí maidir leis na healaíona a chur chun cinn, le rochtain ar na healaíona a mhéadú, agus le tacú le forbairt chultúrtha ar fud an chontae.

Is le haghaidh tionscadal, imeachtaí agus féilte a bheidh ar siúl sa bhliain 2026 atá an cistiú a dhámhtar faoin scéim seo.

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó raon leathan foirmeacha ealaíne, cleachtas, agus gníomhaíochtaí cultúrtha, lena n-áirítear amharc-ealaín, ceol, amharclannaíocht, damhsa, litríocht, scannánaíocht, agus ealaíona pobalbhunaithe.

Ag labhairt dó faoin scéim, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall:

“Imríonn Scéim Deontas an Achta Ealaíon ról ríthábhachtach ina chinntiú go mbíonn deiseanna ag muintir Fhine Gall páirt a ghlacadh sna healaíona agus taitneamh a bhaint astu araon. Trí thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí pobail, táimid ag infheistiú i saol cultúrtha beoga a théann chun tairbhe do gach baile agus sráidbhaile inár gcontae.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall:

“Is bunaithe ar shaothar a healaíontóirí, a heagraíochtaí ealaíon agus a pobal atá an clú atá ar Fhine Gall mar chontae dinimiciúil cruthaitheach. Trí Scéim Deontas an Achta Ealaíon, tá bród ar Chomhairle Contae Fhine Gall as tacaíocht phraiticiúil a sholáthar lena gcumasaítear an chruthaitheacht agus lena saibhrítear saol ár saoránach.”

Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae:

“Tá an scéim seo ina léiriú ar ár dtiomantas do shármhaitheas ealaíonta a chur chun cinn, do rochtain a leathnú, agus d’fhorbairt chultúrtha a chothú i bhFine Gall. Spreagaimid iarratais ó ealaíontóirí aonair agus ó ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí a bhfuil dúshuim acu in eispéiris ealaíon ardchaighdeáin a sholáthar.”

Beidh treoirlínte iomlána agus foirmeacha iarratais ar fáil ar líne ón 10 Deireadh Fómhair 2025 ar aghaidh ar shuíomh Gréasáin Oifig Ealaíon Fhine Gall agus ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall.

Beidh an fhoirm iarratais ar fáil ón 10 Deireadh Fómhair 2025 ar aghaidh ag https://submit.link/47P

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le hOifig Ealaíon Fhine Gall ag .... nó tabhair cuairt ar www.FingalArts.ie