Seolann Fine Gall clár iontach ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’ Tar agus bain taitneamh as an diabhlaíocht…

Home of Halloween

Tá Fine Gall tar éis sárchlár a fhógairt do mhí Dheireadh Fómhair mar chuid den fheachtas ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’, rud a chuireann leis an mbonn láidir imeachtaí atá ann cheana. Ag teacht sna sála ar phróiseas iarratais iomaíoch, fógraíodh an contae mar cheann amháin de sheacht mol níos luaithe i mbliana. Tá an treoirscéim mar chuid den Straitéis ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’, rud a forbraíodh i gcomhar le Fáilte Éireann, le Turasóireacht Éireann agus le Turasóireacht Thuaisceart Éireann.

Cruthaíodh an branda ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’ go speisialta lena úsáid i rith an tséasúir. Tríd an mbranda sin, tabharfar féilte agus tionscnaimh Oíche Shamhna le chéile, agus suífear Éire mar fhíorbhaile domhanda Oíche Shamhna. Tá an lógó sainiúil bunaithe ar bhéaloideas agus scéalta a théann siar go ré Shamhna, agus beidh ‘óstach scáthach Oíche Shamhna’ inaitheanta ag gach duine go luath agus é le feiceáil ag imeachtaí ar fud an chontae.

“Agus sinn á gceapadh mar cheann amháin de mhoil ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’, aithnítear an oidhreacht shaibhir agus an spiorad pobail bríomhar atá againn, mar aon leis an gcumas atá againn na traidisiúin is barántúla de chuid na hÉireann a thaispeáint ar ardán domhanda”, a dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall. Dúirt sé freisin, “Mar gheall ar na suíomhanna stairiúla atá againn agus ar an gcultúr uathúil scéalaíochta atá ar fáil anseo, tá Fine Gall ar an áit is fearr chun Oíche Shamhna a cheiliúradh mar ba cheart. Ní hé amháin gur onóir dár gcontae é seo, ach is deis é freisin fáilte a chur roimh an domhan ar fad draíocht Oíche Shamhna a bhlaiseadh anseo i bhFine Gall”.

De réir mar a éiríonn an tráthnóna níos faide ó thús mhí Dheireadh Fómhair, tiocfaidh Fine Gall chun bheith beo le cailleacha agus draoithe, le tinte ealaíne agus aontaí bia, agus le gúil agus taibhsí. Beidh cuid mhór imeachtaí ar fáil saor in aisce do chách, agus iad sa raon idir imeachtaí teaghlaigh agus imeachtaí ina n-iniúchfar an taobh is dorcha de Shamhain. Cuirfidh gach ionad, idir leabharlanna, ionaid ealaíne agus chaisleáin stairiúla Fhine Gall, beocht i dtraidisiúin ársa trí iad a chumasc le ceiliúradh nua-aimseartha a bheidh spraíúil, beoga agus fíor-uathúil.

Seo a leanas roinnt buaicphointí ón imeacht ‘Éire: Baile Oíche Shamhna’ i bhFine Gall:

Puimcíní tar éis an Dorchadais
Imeacht draíochtúil faoin aer a bheidh ar siúl ón 3 go dtí an 31 Deireadh Fómhair, ar lena linn a bheidh Teach agus Feirm an Droichid Nua i nDomhnach Bat lán le hiontais Shamhna. Téigh isteach i siúlóid shoilsithe feirme agus garraí dhaingin 1 km, áit a mbeidh breis agus 10,000 puimcín lámhshnoite ag lonrú go scanrúil sa dorchadas.

Féile na Tine
Ar Oíche Shamhna an 31 Deireadh Fómhair, beidh Féile na Tine ar siúl i dtrí láthair ar fud Fhine Gall – Caisleán Bhrí Mhór, Páirc Baile Shoird, agus Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir. Tosóidh an t-imeacht ag 7pm, agus DJ Scary ag seinm. Cuirfidh sé sin fonn ar dhaoine oíche dhodhearmadta a cheiliúradh. Ina dhiaidh sin, soilseoidh taispeántais tinte ealaíne spéir na hoíche trí phléascanna dathanna agus trí shoilse iontacha. Beidh an t-imeacht spraíúil seo saor in aisce, agus é ar an mbealach is fearr chun Oíche Shamhna a cheiliúradh le cairde agus baill teaghlaigh.

Tine agus Béaloideas: Aistear Shamhna 
Bainfidh Caisleán Ard Giolláin leas as an stair dhorcha atá aige ón 25 go dtí an 31 Deireadh Fómhair don turas atmaisféarach seo a bheidh lán le tine agus le béaloideas, agus rud beag eagla ann freisin. Aimsigh traidisiúin ársa Shamhna trí cheol, trí nósanna fómhair agus trí cheardaíocht, agus éist leis an scéal scanrúil faoi Bhean an Staighre. Spreagtar daoine gléasadh suas!

Anam Shamhna
Clár míosa Shamhna ag Ionad Ealaíon Shéamais Mhic Aonghasa, a bheidh bunaithe ar oidhreacht shaibhir scéalaíochta, ar bhéaloideas agus ar mhiotaseolaíocht. I measc na roghanna iontacha a bheidh ar fáil tá Aonach Bia an Fhómhair ag a mbeidh Ciorcal Bia Fhine Gall, seandálaíocht, miotaseolaíocht, Uisce Beatha Éireannach, ceardlanna agus scannáin uafáis.

Féach https://www.fingal.ie/ireland-home-halloween chun tuilleadh faisnéise a fháil