Léiríonn Comhairle Contae Fhine Gall Ceannaireacht Eorpach san Inbhuanaitheacht le Seoladh an Phodchraolta EcoCore agus le Cruinniú Trasnáisiúnta in Dubrovnik

Chomóir Baile Brigín, cathair ainmnithe Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh an Tionscadail EcoCore de chuid URBACT (an Clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach), garsprioc ollmhór ina aistear inbhuanaitheachta le seoladh an Phodchraolta EcoCore agus le críoch rathúil an chruinnithe deiridh de chuid na gcomhpháirtithe EcoCore, a tionóladh in Dubrovnik, an Chróit, ón 24 Meán Fómhair go dtí an 27 Meán Fómhair 2025.

Eco Core Dubrovnick

Chomóir Baile Brigín, cathair ainmnithe Chomhairle Contae Fhine Gall le haghaidh an Tionscadail EcoCore de chuid URBACT (an Clár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach), garsprioc ollmhór ina aistear inbhuanaitheachta le seoladh an Phodchraolta EcoCore agus le críoch rathúil an chruinnithe deiridh de chuid na gcomhpháirtithe EcoCore, a tionóladh in Dubrovnik, an Chróit, ón 24 Meán Fómhair go dtí an 27 Meán Fómhair 2025.
Is é atá sa Tionscadal EcoCore ná Líonra Eorpach Pleanála Gníomhaíochta de chuid URBACT atá dírithe ar dhlús a chur leis an aistriú glas i gcathracha beaga atá suite feadh conairí straitéiseacha iompair. Tá an tionscadal faoi stiúir Chomhairle Contae Fhine Gall agus tugtar le chéile leis naoi gcathair Eorpacha comhpháirtíochta chun acmhainn a thógáil le haghaidh gníomhú ar son na haeráide, forbairt eacnamaíoch ghlas a chur chun cinn, agus tacú le geallsealbhóirí áitiúla agus iad ag aistriú chuig foinsí fuinnimh ísealcharbóin le haghaidh iompair, téimh agus leictreachais.
I mBaile Brigín, tá an tionscadal ag díriú ar fhorbairt inbhuanaithe Eastát Tionsclaíoch Bhaile Stiofáin a mhúnlú, agus an uaillmhian ann na tailte a bhunathrú ina lárionad rathúil don tionscal glas agus don gheilleagar ciorclach.

ECO Core Podcast

Príomhthoradh de chuid an tionscadail ba ea sraith podchraoltaí a léiriú ina dtaispeántar obair na gcathracha comhpháirtíochta ar an gcaoi a bhfuil limistéir uirbeacha bheaga ag treorú an aistrithe ghlais. Tá sraith cúig chuid an phodchraolta EcoCore ar fáil anois ar ardáin mhóra sruthaithe, agus tá daoine ó gach cearn den líonra EcoCore le cloisteáil ann. Clúdaítear sa tsraith topaicí amhail gníomhú réamhghníomhach ar son na haeráide, réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe, an fórsa saothair a uasoiliúint don gheilleagar glas, pleanáil straitéiseach, comhoibriú trasteorann, agus todhchaí na gcathracha beaga in Eoraip níos glaise.
Tarraingítear aird sa tsraith podchraoltaí ar chumhacht an chomhoibrithe le comhpháirtithe Eorpacha trí scéalta, straitéisí agus ceachtanna a d’fhoghlaim na cathracha le linn an tionscadail a chomhroinnt. 

ECOCORE Dubrovnick

Leis an gcruinniú trasnáisiúnta deiridh in Dubrovnik, tugadh le chéile ionadaithe ó na cathracha comhpháirtíochta uile le haghaidh clár dinimiciúil ceardlann, cuairteanna láithreáin, agus pleanála comhoibríche. I measc na mbuaicphointí bhí:
• Turas treoraithe ar lár stairiúil Dubrovnik agus ar chriosanna gníomhaíochta EcoCore na cathrach
• Cuairteanna ar tháirgeoirí áitiúla agus ar mhoil gnó ghlais
• Seisiúin idirghníomhacha ar an scéalaíocht, ar an bpleanáil imeachtaí agus ar an bpiarfhoghlaim
• Plé painéil ina raibh geallsealbhóirí áitiúla agus saineolaithe idirnáisiúnta

D’fhreastail Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, ar an gcruinniú agus mhol sé spiorad comhoibríoch an líonra:
“Tá an Tionscadal EcoCore ina léiriú ar cad is féidir a dhéanamh nuair a oibríonn cathracha le chéile chun dul i ngleic le dúshláin aeráide. Tá ceannaireacht Bhaile Brigín sa tionscadal seo ina léiriú ar thiomantas Fhine Gall don inbhuanaitheacht, don nuálaíocht agus don fhás ionchuimsitheach.”
Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach i Rannóg Forbartha Eacnamaíche, Fiontar, Turasóireachta agus Cultúrtha Chomhairle Contae Fhine Gall:
“Chabhraigh an t-aistear EcoCore linn fís dhána ionchuimsitheach a mhúnlú do thodhchaí Bhaile Brigín. Tríd an bpodchraoladh agus trínár gcruinniú deiridh in Dubrovnik, d’insíomar scéal ár n-aistir, thógamar comhpháirtíochtaí láidre ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, d'fhoghlaimíomar dea-chleachtais ónár gcomhpháirtithe, ar dea-chleachtais iad atá á gcur chun feidhme againn go háitiúil, agus réitíomar an bealach le haghaidh claochlú láidir tionscail ghlais a rachaidh chun tairbhe dár bpobal amach anseo.”
Mar chomhpháirtí ceannais, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag brú fhorbairt fhís chomhroinnte an líonra EcoCore le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe chun cinn. Tá an podchraoladh agus an cruinniú deiridh ina léiriú ar oidhreacht an tionscadail, a chuimsíonn nuálaíocht, comhoibriú agus athruithe atá faoi stiúir an phobail.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin Tionscadal EcoCore trí éisteacht leis an tsraith podchraoltaí anseo: Gearrthóga ón bPodchraoladh EcoCore - Omny.fm nó téigh chuig leathanach Gréasáin an tionscadail: EcoCore | urbact.eu