News

in
in
01 May 2020

Infheistíocht de €1.72 milliún ceadaithe do Thionscadail Nua faoin tuath i mBaile Átha Cliath

Tá nuacht iontach ann do cheantair thuaithe i bhFine Gall, i mBaile Átha Cliath Theas agus i nDún Laoghaire Ráth an Dúin le ceadú €1.72 milliún i maoiniú do naoi dtionscadal nua.  Cheadaigh Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe LEADER Bhaile Átha Cliath (LAG) a dhéanann maoirseacht ar an gclár LEADER faoin tuath i mBaile Átha Cliath an infheistíocht i dtionscadail ag cruinniú ar líne Déardaoin an 30 Aibreán. Tá na tionscadail cheadaithe i réimsí Fiontar agus Jabchruthúcháin, Cuimsiú Sóisialta agus Timpeallacht Tuaithe. 

30 Apr 2020

Clutharú - Bailiúchán Gníomhaíochtaí do Dhaoine ag Féin-Aonrú

D'fhorbair Tionscadal Freagartha Pobail Covid-19 Fhine Gall "Clutharú - Bailiúchán Gníomhaíochtaí do Dhaoine ag Féin-Aonrú". Comhoibriú idir Comhairle Contae Fhine Gall, Aoisbhá Fhine Gall, Ionad Pobail Chaisleán Cnucha Lóiste an Labhrais, Ionad Pobail Bhaile an Bhlácaigh, Ionad Acmhainne na Coirre Duibhe agus Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh is ea an tionscadal sin

21 Apr 2020
arts

Gairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Ghairm Oscailte le haghaidh Stiúideo Ealaíontóirí Theach Bád Loch Sionnaigh a fhógairt. Rinneadh an teach bád seo a athchóiriú le déanaí. Tá sé lonnaithe i suíomh álainn i Loch Sionnaigh, ar sráidbhaile cois cósta é idir An Ros agus Na Sceirí. Mar gheall ar shuíomh fíorálainn an tí bád ar imeall an uisce agus ag ceann an chalaidh, cuireann sé spás oibre ar leith atá go hiomlán fóirdheonaithe ar fáil d'ealaíontóirí proifisiúnta.