An tIonad is Fearr san AE buaite ag Ionad Europe Direct Leabharlann Bhaile Bhlainséir

B’fhéidir nach bhfuil Ionad Faisnéise Europe Direct ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar oscailt go fisiciúil faoi láthair ach ní chiallaíonn sin go bhfuil laghdú tagtha ar ghníomhaíocht. Ar nós go leor ranna ag Comhairle Contae Fhine Gall, aistríodh go leor den obair a dhéanann foireann na leabharlainne ar líne.

Europe Direct Signage

Bhí foireann na leabharlainne gnóthach le hábhar a chruthú agus a roinnt, ar nós athbhreithnithe agus moltaí leabhair; seisiúin scéalaíochta; cúrsaí ar líne; taispeántais ealaíona agus cheardaíochta; ranganna teagaisc ríomhsheirbhísí; postálacha blag agus go leor leor eile.

Is í an dea-nuacht d’úsáideoirí leabharlainne ná go bhfuil i bhfad níos mó beartaithe de réir mar a oibríonn an fhoireann le chéile agus lenár líonra teagmhálaithe chun Leabharlanna Fhine Gall a choimeád ar thús cadhnaíochta agus ag tacú leis an bpobal le linn an ordaithe dianghlasála agus tá go leor rudaí ann chun ár bpátrúin ar gach aois agus a bhfuil gach ábhar spéise acu a choimeád gafa agus spreagtha i rith an trátha dhúshlánaigh seo.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:  “Tá seirbhísí agus ábhar iontach fós á gcur ar fáil ag ár bhfoireann Leabharlainne dár gcónaitheoirí ar líne, cosúil lenár bhfoirne go léir, atá ag oibriú ón mbaile. Is iontach an rud é go bhfuil ár bhfoireann in Ionad Europe Direct ag Baile Bhlainséir ar an bhfoireann is fearr i dtaobh gníomhaíochta sna meáin shóisialta as na brainsí go léir san AE. Léiríonn seo an obair go léir atá á déanamh ag foireann Fhine Gall chun seirbhísí a sholáthar don phobal a fheabhas agus is féidir leo i rith éigeandáil Covid-19.”

Bhí Ionad Faisnéise Europe Direct atá bunaithe ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir ní ba ghnóthaí ná mar a bhí riamh agus tá go leor ceisteanna á gcur ar líne agus go leor gníomhaíochta ar bun sna meáin shóisialta. Tá an t-ionad dírithe gach seachtain ar thír éagsúil san AE, agus déantar fíricí agus físeáin a chur in airde faoi chomharsa nua AE gach cúpla lá. Tá seo mar chuid den tréimhse a fhad le Lá na hEorpa (an 9 Bealtaine). Ar an lá féin, beartaímid ceangal a dhéanamh lenár gcairde timpeall na hEorpa trí fhíseán chun ceisteanna a chur faoin saol ina dtíortha féin.

Dúirt Leabharlannaí Contae Fhine Gall, Betty Bordman: “Leanann ár bhfoireann lena mhéid seirbhísí a sholáthar agus is féidir dár gcónaitheoirí agus dár mbaill trí chainéil ar líne agus as líne. Bhí foireann Europe Direct Bhaile Bhlainséir mar chuid de seo, agus is iontach an rud é go bhfuil siad ar an ionad is fearr i dtaobh gníomhaíochta sna meáin shóisialta as na brainsí go léir san AE. Bhí an fhoireann gnóthach agus pé rud ab fhéidir leo á dhéanamh acu chun ábhar a chruthú do dhaoine chun siamsaíocht, foghlaim nó seachrán a sholáthar dóibh féin i rith na héigeandála seo. Tá gliondar croí orainn méadú a thabhairt faoi deara san úsáid a bhaintear as ár ríomhsheirbhísí faoi mar a théann baill i dtaithí leis an réadúlacht nua go bhfuil ár líonra brainsí dúnta go sealadach.”

Dúirt Stiúrthóir na Roinne Tithíochta agus Pobail, Margaret Geraghty: “Tá Fine Gall tiomanta do sheirbhísí a sholáthar i rith ghéarchéim Covid-19 agus is iontach an rud é a thabhairt faoi deara go bhfuil aghaidh á tabhairt ag foireann Leabharlanna Fhine Gall, foireann bhrainse Europe Direct Bhaile Bhlainséir san áireamh, ar an tiomantas sin. Léiríonn an nuacht seo an obair dhian atá á déanamh chun ábhar a chruthú dár gcónaitheoirí fad a bhíonn an t-ordú dianghlasála i bhfeidhm. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann go léir a bhí bainteach as an obair dhian atá á déanamh acu sa tréimhse dhúshlánach seo.” 

Bhí foireann Europe Direct gnóthach freisin sna meáin shóisialta agus nuacht agus eolas tábhachtach á roinnt acu faoi fhreagairt an AE do ghéarchéim Covid-19. Bhí siad chomh gnóthach sin, mar a tharla, gurb é Ionad Europe Direct i mBaile Bhlainséir an t-ionad is gníomhaí faoi láthair san AE (as breis agus 500 ionad) i dtaobh gníomhaíochta sna meáin shóisialta.