Infheistíocht de €1.72 milliún ceadaithe do Thionscadail Nua faoin tuath i mBaile Átha Cliath

Tá nuacht iontach ann do cheantair thuaithe i bhFine Gall, i mBaile Átha Cliath Theas agus i nDún Laoghaire Ráth an Dúin le ceadú €1.72 milliún i maoiniú do naoi dtionscadal nua.  Cheadaigh Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe LEADER Bhaile Átha Cliath (LAG) a dhéanann maoirseacht ar an gclár LEADER faoin tuath i mBaile Átha Cliath an infheistíocht i dtionscadail ag cruinniú ar líne Déardaoin an 30 Aibreán. Tá na tionscadail cheadaithe i réimsí Fiontar agus Jabchruthúcháin, Cuimsiú Sóisialta agus Timpeallacht Tuaithe. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Eoghan O'Brien: “Is dea-scéal é an infheistíocht shuntasach seo do Fhine Gall agus do limistéar tuaithe Bhaile Átha Cliath Tuaithe. Léiríonn sé go láidir go leanaimid orainn, fiú amháin leis na dúshláin reatha, ag bogadh ar aghaidh agus ag infheistiú don todhchaí, agus táim ag tnúth leis na naoi dtionscadal ceadaithe a fheiceáil ag dul chun cinn. "

D’fháiltigh Laurence Ward ó Chumann Feirmeoirí na hÉireann agus Cathaoirleach reatha  Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Tuaithe LEADER Bhaile Átha Cliath (LAG) roimh an gcinneadh infheistíochta: “Is vóta láidir muiníne é i gceantair thuaithe le linn tréimhse an-dúshlánach. Rachaidh an cinneadh seo chun leasa go leor daoine sna ceantair thuaithe.'

D'óstáil Emer O'Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontar agus Turasóireachta i gComhairle Contae Fhine Gall an cruinniú ar líne. Ag labhairt di ag an gcruinniú dúirt Emer O'Gorman: “Ba é seo an chéad chruinniú riamh de Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil LEADER ar líne, agus tá sé i gcomhthráth leis an infheistíocht is mó riamh a ceadaíodh ag cruinniú amháin. Táimid an-sásta leis an toradh seo do thionscnóirí tionscadail. "

Ghabh Declan Ryan, Bainisteoir LAG, buíochas le baill LAG as a dtacaíocht leis na tionscadail a cheadú agus dúirt sé: “Tá an Clár LEADER reatha ar an sprioc maidir lena mhaoiniú leithdháilte iomlán a sheachadadh do thionscadail nua faoi dheireadh na bliana agus ní raibh aon bhriseadh ar sheachadadh an chláir de bharr Covid-19 ”

D'athdhearbhaigh Eilish Harrington, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhpháirtíocht LEADER Fhine Gall an méid sin agus d'inis sí don chruinniú: “Tá na tionscadail nua atá ag lorg ceadú sna míonna amach romhainn an-láidir agus beidh an Clár LEADER in ann cúnamh a sholáthar d’Fhiontair agus do Phobail ar an talamh i limistéar tuaithe Bhaile Átha Cliath."