Críochnaídh Plean Forbartha Fhine Gall 2023 – 2029 ar an 22 Feabhra 2023 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 5 Aibreán 2023.

Cuirfear leagan deiridh ardtaifeach den Phlean Forbartha ar fáil in am trátha.

Leagann an Plean Forbartha amach an creat um threoir a thabhairt don fhorbairt i bhFine Gall amach anseo. Cuireann sé cruthú na háite sláintiúla mar chroílár de. Séard atá i gceist le Fine Gall sláintiúil ná oibriú i dtreo Contae níos inbhuanaithe, áit a bhfuil an dóthain tithe ar fáil do shaoránaigh Fhine Gall i gContae níos aontáithe agus níos athléimní.

Is cáipéis straitéiseach é an Plean seo a shamhlaíonn Fine Gall mar ghréasán comhtháite na lonnaíochtaí uirbeacha bríomhara atá ag éirí leo go sóisialta agus go heacnamaíoch agus mar aon le pobail tuaithe, na gcriosanna glasa straitéiseacha agus na tuaithe oscailte, ag tacú le agus ag cur le forbairt eacnamaíoch an Chontae agus Réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá Dréacht-Treoir ón Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála, de réir Alt 31(7) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), faighte ag Comhairle Contae Fhine Gall ar na 4 Aibreán 2023, maidir le Plean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 a dhéanamh.

I bhfianaise forálacha an Dréacht-Treorach seo, ar féidir a fheiceáil ina hiomláine thíos, ní thiocfaidh roinnt gnéithe de Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 i bhfeidhm ar an 5 Aibreán 2023 de bharr seo a leanas:

    1. Talamh criosaithe le haghaidh Gnáth-Fhostaíocht sa Phlean glactha soir ón M2 ag Acomhal 2 ag Teampall Maighréaid.
    2. Talamh ó dheas ó shráidbhaile Chúil Chaoíth a neamhchriosaíodh ó Páirc Bhia sa Phlean glactha.
    3. Talamh ó dheas ó shráidbhaile Chúil Chaoíth a neamhchriosaíodh  ó Ghnó na Tuaithe sa Phlean glactha.
    4. Talamh criosaithe le haghaidh Gnáth-Fhostaíocht sa Phlean glactha soir ó dheas ó Acomhal 5 ar an M1 ag Cartlach a bhí criosaithe mar Thuath i bPlean Forbartha Contae Fhine Gall 2017-2023.
  1. An cuspóir criosaithe don Chrios Glas a athbhunú do thailte PA SH 12.4 An Baile Nua, sé sin, na tailte i gceist a athaistriú go dtí an Crios Glas.
  2. An téacs breise - a foilsíodh i mí Samhna na bliana 2022, Athruithe Ábhartha Beartaithe, mar Leasú Molta, PA CH 8.1 agus arna mhodhnú le Mír den Chlár FDP84/23 maidir le Caighdeáin Torainn - a scriosadh.

*Léiríonn foilsiú eatramhach Phlean Forbartha Fhine Gall (thíos) forálacha na Dréacht-Treorach.

Cuirfear an Dréacht-Treoir seo ar taispeáint go poiblí ar https://consult.fingal.ie ar an 18 Aibreán de réir fhorálacha Alt 31(7).