Doiciméid Chéim 1-Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha

Is é foilsiú an Pháipéir Saincheisteanna an chéad chéim sa phróiseas déanta pleananna agus leagann sé amach roinnt de na saincheisteanna lárnacha d’Fhine Gall.

Spreagann próiseas an Phlean Forbartha rannpháirtíocht an phobail agus ba mhaith linn tús a chur leis an gcomhrá ar na saincheisteanna a théann i bhfeidhm ort.

Is é seo an chéad cheann de thrí dheis a bheidh agat thar dhá bhliain chun cur le cruthú an Phlean Forbartha nua. Tá do rannpháirtíocht tábhachtach dúinn, mar sin, iarraimid ar chónaitheoirí, ar phobail, ar eagraíochtaí ionadaíocha, ar ghnóanna agus ar dhaoine eile bhur dtuairimí a roinnt ar fhorbairt ár gcontae sa todhchaí.

Chun féachaint ar ár Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha cliceáil anseo

Tabharfaidh an Plean Forbartha aghaidh ar shaincheisteanna straitéiseach faoi na seacht bpríomhthéama seo a leanas:

TÉAMA 1: Na Daoine agust an Áit

theme 1 people and place image

Féachfaidh an Plean Forbartha le fás dlúth a chur chun cinn, réimsí poiblí ar ardchaighdeán agus comharsanachtaí dea-dheartha a sheachadadh agus a chinntiú go ndéanfar oidhreacht thábhachtach agus ceantair thuaithe Fhine Gall a chaomhnú agus a chosaint.

TÉAMA 2: Gníomhú ar Son na hAeráide

Theme 2 Climate Action image

Caithfidh Gníomhú ar son na hAeráide a bheith ina théama lárnach sa chéad Phlean Forbartha eile. Beidh ról tábhachtach ag an bPlean trína bheartais agus a chuspóirí a chur i bhfeidhm chun cabhrú le bogadh i dtreo Contae athléimneach ísealcharbóin.

TÉAMA 3: Nascacht agus Gluaiseacht

THEMe 3 connectivity and movement image

Beidh sé mar aidhm ag an bPlean éascaíocht gluaiseachta a chur chun cinn ar fud Fhine Gall trí cheantair fhorbartha atá ann cheana agus na ceantair sin a shainaithnítear le haghaidh fáis, le nascacht ardchaighdeáin trí chosáin, áiseanna rothaíochta deighilte, córais iompair phoiblí, agus bóithre a sheachadadh.

TÉAMA 4: Ostaíocht, Geilleagar agus Aerfort Bhaile Átha Cliath

 

THEME 4 economy and dublin airport image

Déanfaidh Plean Forbartha Fhine Gall iarracht fás a bhaint amach atá inbhuanaithe, iomaíoch, uilechuimsitheach agus athléimneach.

TÉAMA 5: Oidhreacht Chultúrtha

THEME 5 Cultural Heritage image

Ní hamháin go gcosnóidh bainistíocht inbhuanaitheach ar ár n-oidhreacht chultúrtha ár láithreáin seandálaíochta, tithe stairiúla, tírdhreacha, imeallbhord agus traidisiúin ach tacóidh sé le turasóireacht, agus fóillíocht agus cuirfidh sé folláine chun cinn.

TÉAMA 6: Bonneagar Glas agus Oidhreacht Nádúrtha

THEME 6 green Infrastructure and Natural Heritage image

Bíonn buntáistí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta mar thoradh ar phleanáil Bonneagair Glas trí réitigh nádúrbhunaithe ar chuspóirí forbartha a sholáthar.

TÉAMA 7: Bonneagar agus Fóntais

THEME 7 Infrastructure and Utilities image

Caithfidh an Plean Forbartha creat a chur i bhfeidhm a sholáthraíonn agus a chuireann bonneagar fisiceach ar archaighdeán chun cinn chun ligean don fhorbairt dul chun cinn ar bhealach inbhuanaithe.

TÉAMA 8: Measúnacht Timpeallachta

Is gné ríthábhachtach den phróiseas iad measúnaithe comhshaoil ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029, ag measúnú na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm beartas agus cuspóirí.