Bonneagar agus Fóntais

THEME 7 Infrastructure and Utilities image

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do sheirbhísí bonneagair a chur ar fáil agus a sholáthar de réir a sainchúraim reachtúil, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht thimpeallacht an chontae agus a éascóidh forbairt gheilleagrach inbhuanaithe agus tithíocht.

Ní mór creat a chur i bhfeidhm leis an bPlean Forbartha atá le teacht, ar creat é lena ndéanfar bonneagar fisiciúil ar ardchaighdeán a chur chun cinn agus a sholáthar chun go mbeifear in ann dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe.

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh ag obair le hUisce Éireann ar bhonneagar leordhóthanach uisce a sholáthar ar bhealach tráthúil. Maidir leis an riosca tuile a laghdú, ní mór do Chomhairle Contae Fhine Gall forbairt a stiúradh amach ó thuilemhánna agus ó limistéir chósta atá tugtha do thuilte.

Faigh amach níos mó, cliceáil