TÉAMA 6: Bonneagar Glas agus Oidhreacht Nádúrtha

THEME 6 green Infrastructure and Natural Heritage image

Is féidir a rá gurb ionann Bonneagar Glas agus líonra beartaithe limistéar nádúrtha idircheangailte amhail páirceanna, aibhneacha agus spásanna oscailte a chabhraíonn le feidhmeanna éiceachórais nádúrtha a chaomhnú.

Is é an toradh atá ar phleanáil Bonneagair Ghlais go gcruthaítear tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta trí réitigh dhúlrabhunaithe a sholáthar ar chuspóirí forbartha.

Tá acmhainn shaibhir bithéagsúlachta ag Fine Gall de bharr an chósta, na tuaithe agus na n-ionad uirbeach atá lonnaithe ann. I measc bhuntáistí na bithéagsúlachta tá na tairbhí sláinte atá le gnóthú ó theagmháil leis an dúlra agus na gnóthachain
eacnamaíocha do ghnólachtaí áitiúla a thugann faoi tháirgeadh bia agus faoi ghníomhaíochtaí amuigh faoin spéir.

Faigh amach níos mó, cliceáil anseo