Measúnacht Timpeallachta

Gné ríthábhachtach den phróiseas is ea measúnachtaí timpeallachta a dhéanamh ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029, ar lena linn a fhéachtar ar na tionchair thimpeallachta a d’fhéadfadh teacht as beartais agus cuspóirí a chur chun feidhme.

Tá sé mar aidhm le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ardleibhéal cosanta a thabhairt don timpeallacht agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí rannchuidiú le tosca timpeallachta a chomhtháthú isteach in ullmhú an Phlean Forbartha agus ina ghlacadh. Leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE ón Aontas Eorpach na forálacha maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta.

Is é is Measúnacht Chuí ann ná measúnacht a dhéantar de réir Airteagal 6(3) agus 6(4) de Threoir 92/43/CEE ón Aontas Eorpach maidir le Gnáthóga ar na himpleachtaí a bheidh ag an bplean, go leithleach nó in éineacht le pleananna agus tionscadail eile, do láithreáin chaomhantais chosanta (láithreáin Natura 2000). Ní fhéadfar an Plean Forbartha a ghlacadh ach amháin i gcás nach ndéanfaidh sé aon dochar d’iomláine láithreán Natura 2000.