TÉAMA 3: Nascacht agus Gluaiseacht

THEMe 3 connectivity and movement image

Déanann an éascaíocht trína mbogann daoine thart difear dearfach do cháilíocht ár mbeatha agus treisíonn sí tarraingteacht Fhine Gall mar áit ar féidir cónaí agus obair ann agus cuairt a thabhairt air.

Príomhaidhm de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall is ea bailte, sráidbhailte agus pobail a bhfreastalaítear go maith orthu agus atá dea-nasctha a sholáthar.

Beidh sé mar aidhm leis an bPlean éascaíocht gluaiseachta ar fud Fhine Gall a chur chun cinn trí limistéir fhorbartha atá ann cheana agus na limistéir sin a sainaithníodh le haghaidh fáis agus nascacht ar ardchaighdeán a chomhtháthú agus a bhreisiú trí chosáin, saoráidí leithscartha rothaíochta, córais iompair phoiblí agus bóithre a sholáthar.

Faigh amach níos mó, cliceáil anseo