An Chomhairle chun tús áite a thabhairt do Thaisteal Gníomhach a chur chun cinn tar éis athruithe ar ranna  

Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tús áite a thabhairt do Thaisteal Gníomhach a chur chun cinn mar chuid dá tiomantas leanúnach do Ghníomhaíocht ar son na hAeráide, le hathruithe breise ar ranna na Comhairle chun cumais seachadta tithíochta agus forbartha eacnamaíochta na Comhairle a neartú a thuilleadh.

Active Travel

Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun tús áite a thabhairt do Thaisteal Gníomhach a chur chun cinn mar chuid dá tiomantas leanúnach do Ghníomhaíocht ar son na hAeráide, le hathruithe breise ar ranna na Comhairle chun cumais seachadta tithíochta agus forbartha eacnamaíochta na Comhairle a neartú a thuilleadh.

 D’fhógair an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly inniu go gcruthófaí Roinn Comhshaoil, Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh a mbeidh freagracht uirthi as pleanáil soghluaiseachta agus as seachadadh líonra rothar an Údaráis Náisiúnta Iompair sa chontae. Beidh an roinn nua fós i bhfeighil ar Ghníomhaíocht ar son na hAeráide, forfheidhmiú rialachán comhshaoil agus cosaint agus cur chun cinn an chomhsaoil.

 Is éard atá i gceist le Taisteal Gníomhach ná taisteal le cuspóir ag baint úsáide as d’fhuinneamh féin, rud a chiallaíonn de ghnáth siúl nó rothaíocht mar chuid d’aistear diongbháilte agus is é cuspóir na Comhairle taisteal gníomhach a thabhairt isteach sa saol laethúil mar chuid de ghnáthnósanna laethúla.

 Bogfaidh an Stiúrthóir Seirbhísí, David Storey, ón Roinn Oibríochtaí chun bheith i gceannas ar an roinn nua leis an Stiúrthóir Seirbhísí is nua sa Chomhairle, Mary T Daly, ag teacht ina áit mar Stiúrthóir Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce.

 Beidh Ethna Felten, a bhí ina Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus Uisce, i gceannas anois ar an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí, ag teacht i gcomharbacht ar Gilbert Power a d’éirigh as a phost le linn an tsamhraidh.   

 D’fhógair an Príomhfheidhmeannach freisin go ndéanfaí roinnt athruithe eile. Bogann an fhreagracht as na hEalaíona, Leabharlanna, agus Éire Chruthaitheach ón Roinn Tithíochta agus Forbartha Pobail go dtí an Roinn Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha a bheidh fós faoi stiúir an Stiúrthóra Seirbhísí Emer O’Gorman.

 Deimhnítear anois go bhfuil Matthew McAleese ina Stiúrthóir Pleanála & Bonneagair Straitéisigh, tar éis dó an ról sin a bheith aige i gcáil ghníomhach tar éis ceapadh Iníon Farrelly mar Phríomhfheidhmeannach an bhliain seo caite. Is as Ard Mhic Nasca, Contae an Dúin ó dhúchas é, agus tá níos mó ná 20 bliain de thaithí phleanála ghairmiúil ag Matthew le Comhairlí Contae na Mí agus Fhine Gall agus Seirbhís Pleanála Thuaisceart Éireann. Bhí sé i gceannas ar sheachadadh go leor de na príomhthionscadail sa Chontae le blianta beaga anuas lena n-áirítear Plean Forbartha Fhine Gall, Plean Ceantair Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath, Máistirphleananna Soird, Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat agus an Glasbhealach idir Baile Dúill agus Port Mearnóg. Is céimí de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste é Matthew, agus tá céim Mháistreachta aige i Riarachán Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

 D’fhill Mary T Daly ar Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis di na 13 bliana deireanacha a chaitheamh i róil éagsúla le Comhairlí Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Lú. San iomlán, tá níos mó ná 33 bliain seirbhíse agus taithí aici sa Rialtas Áitiúil thar raon leathan seachadta seirbhíse agus forbairt beartais ag leibhéal uirbeach, tuaithe agus baile. 

 D’oibrigh sí roimhe seo le Comhairle Contae Fhine Gall ó 1997 go 2007 sula ndeachaigh sí le Comhairle Contae Lú áit a raibh sí ina Cléireach Baile Gníomhach do Dhroichead Átha. Le tosú an athchóirithe ar rialtas áitiúil i 2014, ceapadh Iníon Daly mar Stiúrthóir Seirbhísí gníomhach do Chontae Lú áit ar éirigh léi an Stiúrthóireacht nua Eacnamaíochta, Pleanála, Bonneagair agus Comhlíonta a bhunú le punann a chlúdaíonn na cúraim eacnamaíochta, pleanála, turasóireachta, féilte agus bonneagair. D’fhág sí Contae Lú i 2017 agus tá na trí bliana deireanacha caite aici mar Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

 

Foireann Bainistíochta Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall

Príomhfheidhmeannach: AnnMarie Farrelly

Stiúrthóir Tithíochta & Forbartha Pobail: Margaret Geraghty

Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta & Cultúir: Emer O’Gorman

Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Corparáideach & Rialachais: John Quinlivan

Stiúrthóir Pleanála & Bonneagair Straitéisigh: Matthew McAleese

Stiúrthóir Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach: David Storey

Stiúrthóir Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce: Mary T Daly

Stiúrthóir an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí: Ethna Felten

Ceann Airgeadais: Oliver Hunt

Ailtire Contae: Fionnuala May

Gníomhaire Dlí: Helen O’Neill