Ceisteanna Coitianta

dtéarmaí simplí, is plean spásúlacht é Plean Forbartha a threoraíonn forbairt contae sa todhchaí ar feadh tréimhse shé bliana. Tá cuspóirí beartais áirithe ann, cuspóirí criosaithe úsáide talún agus soláthraíonn sé treoir bhainistíochta forbartha. 

Ní mór do Chroí-Straitéis a bheith i bPlean Forbartha freisin a fhéachann lena chinntiú go bhfuil i ndóthain talún criosaithe sa chontae chun

na riachtanais tithíochta a chomhlíonadh.

Ní mór don Phlean, a Chroí-Straitéis agus a chuspóirí a bheith comhsheasmhach le straitéisí Náisiúnta agus Réigiúnacha.

Cuireadh tús leis an Athbhreithniú ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 ar an 12ú Márta 2021 agus tógfaidh an próiseas chun Plean Forbartha nua a ullmhú don tréimhse 2023-2029 beagnach dhá bhliain, ag tosú go déanach i mí an Mhárta 2023. 

Tá sceideal táscach le haghaidh ullmhú Phlean Forbartha nua Fhine Gall léirithe thíos.

 

Development Plan Timeline vertical

Tháinig deireadh le céim an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an bPáipéar ar Shaincheisteanna Straitéiseacha i Márta 2021

Chun féachaint ar ár Paipéar Saincheisteanna Straitéiseach cliceáil anseo

Chun féachaint ar ár mbróisiúr Plean Forbartha cliceáil anseo 

Is éard atá i bPáipéar Saincheisteanna Straitéiseacha an chéad chéim maidir leis an bPlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 a chur le chéile. Sa doiciméad comhairliúcháin ardleibhéil seo tugtar léargas ar na príomhcheisteanna pleanála agus forbartha i bhFine Gall agus féachann sé le díospóireacht phoiblí a spreagadh faoi na saincheisteanna leathana ar cheart a mheas sa Phlean nua. 

Duine ar bith nó aon ghrúpa

Is féidir aighneacht a dhéanamh ar líne trí: https://consult.fingal.ie/en/browse 

Foilsíodh an Dréachtphlean Forbartha ar an 24ú Feabhra 2022 agus tá sé ar oscailt d’aighneachtaí ón bpobal go dtí an 12ú Bealtaine 2022. Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin seo ullmhóidh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall tuarascáil ar na haighneachtaí a fuarthas. Eiseofar an tuarascáil sin chuig na Comhaltaí Tofa chun iad a bhreithniú tuilleadh thar thréimhse 12 sheachtain ó mhí Iúil 2022. Eiseofar Dréachtphlean Forbartha leasaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus arís iarrfar ar an bpobal a dtuairimí a chur isteach sula ndéanfar na leasuithe deiridh agus go bhfoilseofar an plean ceadaithe go luath i 2023.

B’fhéidir nach bhfuil an tairseach Amharc ar Fhine Gall agus / nó an Seomra Comhairliúcháin Fhíorúil Idirghníomhaigh ag feidhmiú ar roinnt cúiseanna, go minic le hathnuachan shimplí ar an leathanach déanfar é athlódáil gan aon fhadhb.

 

I measc cuid de na moltaí a d’fhéadfadh d’fhadhb a réiteach tá:

 

- É a oscailt ar cheann de na brabhsálaithe seo a leanas m.sh. Chrome, Firefox, Safari nó Edge.

 

- Cinntigh go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha trí thic a chur sa bhosca.

 

- Sa chás go mbíonn deacrachtaí fós agat, déan teagmháil le do thoil le

[email protected]

Sa chás nár tugadh aghaidh ar do cheist anseo, téigh i dteagmháil le [email protected] nó ar 01- 8905000 ó Luan go hAoine (seachas le linn na deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc).

Ní hionann an liosta Ceisteanna Coitianta agus léirmhíniú dlíthiúil ar an An tAcht Pleanála 2000 (arna leasú) agus is chun críocha faisnéise amháin atá siad.