Seomra Comhairliúcháin Fhíorúil

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall le hobair ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 agus tríd an Seomra Fíorúil seo tugtar deis duit páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas.

Táimid anois i mbun comhairliúcháin phoiblí ar an bPáipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha, a mhairfidh ar feadh ocht seachtaine agus ina leagtar amach cuid de na príomhábhair a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa Phlean Forbartha nua. Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán an 12 Bealtaine.

San fhaisnéis sa Seomra Fíorúil, cuimsítear na seacht dtéama faoina bhfuil roinnt de na príomhcheisteanna leagtha amach againn nach mór don Phlean nua aghaidh a thabhairt orthu

Nuair a bheidh tú sa seomra de raon 360 céim, bain úsáid as na deilbhíní treorach chun bogadh timpeall agus bain úsáid as do luch chun cliceáil ar scáileán teilifíse nó ar Bhord Taispeána chun a chuid faisnéise a fheiceáil. 

Tionólfar imeachtaí seimineár gréasáin comhairliúcháin phoiblí an 13, 15, 20 agus 22 Aibreán idir 7in agus 8in. Beidh taifeadtaí de gach seimineár gréasáin agus tuilleadh faisnéise faoin bPlean Forbartha ar fáil ar https://www.fingal.ie/developmentplan

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as d’eispéireas agus ná déan dearmad aighneacht a chur isteach.