Glacann Fine Gall Buiséad €286 milliún do 2021

Tá buiséad €286 milliún glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall do 2021 a chinnteoidh go ndéanfar seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú do dtí an bhliain seo chugainn. Léiríonn sé méadú de €16.3 milliún ó 2020 agus is ionann é agus €966.78 in aghaidh gach duine den daonra.

 

Déantar foráil sa Bhuiséad do chaiteachas méadaithe i roinnt príomhréimsí agus déanann sé leibhéal soláthair freisin maidir le héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag paindéim COVID-19 ar airgeadas na Comhairle.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá áthas orm gur éirigh linn buiséad láidir a cheadú a fhreagraíonn do na cúinsí ina bhfuilimid féin. Chuir cur chuige stuama na Comhairle i leith bainistíocht airgeadais le roinnt blianta anuas ar ár gcumas oibríochtaí na Comhairle a athstruchtúrú go mórmhór i 2020 mar fhreagra ar phaindéim Covid-19. Agus sinn ag ullmhú d’éiginnteacht 2021, tá buiséad glactha againn a chinnteoidh go ndéanfar ár seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú agus a chuirfidh ar ár gcumas, ag freagairt d’éileamh onár saoránaigh, áiseanna nua a sholáthar agus cothabháil a dhéanamh, go háirithe i dtaisteal gníomhach, i dtithíocht, agus i bpáirceanna agus i spásanna oscailte.

 

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne an Príomhfheidhmeannach agus an fhoireann i rannáin éagsúla na Comhairle agus an buiséad á ullmhú agus tiomantas na gComhairleoirí go léir lena n-áirítear mo chomhghleacaithe ar an nGrúpa um Beartas Corparáideach chun a gcuid saineolais agus anailíse a thabhairt chun an buiséad a thabhairt chun críche i gcúinsí dúshlánacha cruinnithe ar líne."
 

Níl aon mhéadú ar rátaí i mBuiséad 2021. Mar thoradh ar an Luacháil Inrátaithe Bliantúil a socraíodh i mBuiséad 2020, tar éis athluacháil thréimhsiúil ar fud na tíre ar áitribh inrátaithe, tháinig laghdú ar rátaí de thart ar 77% do  cháiníocóirí i bhFine Gall agus lean sé tréimhse de mhéaduithe ar rátaí tráchtála nialasacha glan sa tréimhse 2010 go 2019.

 

I mí Mheán Fómhair, d’aontaigh Comhairleoirí, don cheathrú bliain as a chéile, an Cháin Mhaoine Áitiúil a laghdú 10% seachas 15% agus chuir sé seo €2 milliún breise ar fáil i ngach ceann de na blianta atá le leithdháileadh ar sheirbhísí a fheabhsaíonn go díreach na ceantair ina gcónaíonn saoránaigh.  

 

“Is méid suntasach airgid é agus ciallóidh sé go mbeidh €8 milliún breise caite againn faoi dheireadh 2021, nach mbeadh againn murach é ar chreatlach na bpobal ar fud Fhine Gall a fheabhsú” a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly.

 

Is féidir an Buiséad €286 milliún a bhriseadh síos mar seo a leanas:

  • €80.22 milliún – Tithíocht agus Tógáil;
  • €30.28 milliún – Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre
  • €18.92 milliún – Seirbhísí Uisce
  • €22.21 milliún – Bainistíocht Forbartha
  • €47.53 miliún – Cosaint an Chomhshaoil
  • €47.99 milliún - Áineas agus Taitneamhacht
  • €1.34  milliún – Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas
  • €37.87 milliún – Seirbhísí Ilchineálacha

 

Cuimsíonn an Buiséad foráil do roinnt ról arna mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair chun cabhrú le Bonneagar Taistil Ghníomhach a sheachadadh ar nós rotharbhealaí agus tá tiomantas láidir ann freisin d’infheistíocht bhreise sa Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide a seoladh anuraidh.

 

Cheadaigh an Buiséad caiteachas méadaithe ar chothabháil bóithre, sábháilteacht ar bhóithre agus glanadh sráide chomh maith le soláthar breise d’fhorbairt Leabharlann na Sceirí agus tuilleadh infheistíochta i Leabharlanna digiteacha.

 

Cuireadh maoiniú méadaithe ar fáil freisin chun tacú le háitribh oidhreachta agus tairiscintí turasóireachta na Comhairle le linn paindéim COVID-19 agus leithdháileadh suim chaipitil de €200,000 don tionscnamh Ár mBaile Brigín chun tús a chur le ciste a thógáil chun riachtanas cistithe meaitseála na Comhairle a chomhlíonadh. Meastar go mbeidh an tionscadal seo maoinithe 75% ag Ciste Forbartha Réigiúnaí an Aontais Eorpaigh agus 25% ag an gComhairle.

 

Tá soláthar buiséadach déanta freisin do thionscadail eile ar fud an chontae ar nós Ceathrú Cultúrtha Shoird agus tá foráil ann freisin maidir le fóirdheontas leanúnach do Draíocht i mBaile Bhlainséir. Leithdháileadh suimeanna eile chun cothabháil leanúnach an stoic tithíochta a chinntiú agus tacú le hIonaid Phobail nach mbaineann leis an gComhairle.

 

Dúirt Iníon Farrelly freisin: “Ullmhaíodh an Buiséad i gcomhthéacs na paindéime reatha COVID-19. Ligeann sé do sholáthar leanúnach príomhsheirbhísí chomh maith le soláthar roinnt méaduithe buiséid. Tá foráil déanta againn freisin don tionchar airgeadais diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar an gComhairle tar éis iarmhairtí eacnamaíochta na paindéime COVID-19. Cé go dtugann an buiséad seo bunús daingean don Chomhairle agus sinn ag dul trí 2021, tá leibhéal éiginnteachta an-suntasach ag baint leis an bpaindéim agus mar sin déanfar monatóireacht leanúnach ar thionchar airgeadais ar an gComhairle i rith na bliana.”

 

Is féidir cóip de Dhréachtbhuiséad Bliantúil 2021 a fheiceáil ag https://www.fingal.ie/sites/default/files/2020-11/draft-annual-budget-2021.pdf

 

CRÍOCH LEIS AN GCUID SEO

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR

 

Comhairle Contae Fhine Gall

Is í Comhairle Contae Fhine Gall an tÚdarás Áitiúil do chontae riaracháin Fhine Gall. Tá Fine Gall suite ó thuaidh ó Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá Contae Theas Bhaile Átha Cliath, na Mí agus Chill Dara ar an teorainn leis, agus lastoir de tá Muir na hÉireann. Clúdaíonn an contae limistéar de c. 448  ciliméadar cearnach. Tá daonra de 296,214 ag Fine Gall, rud a chiallaíonn gurb é an triú limitéar údaráis áitiúil is mó daonra sa tír. Is é Fine Gall an contae is mó fáis in Éirinn tar éis don daonra fás 8.1 faoin gcéad ó 2011 agus beagnach dhá oiread thar thréimhse 25 bliana, ó 152,766 i 1991 go 296,214 i 2016. Áirítear ar bhuntáistí suntasacha eacnamaíocha Fhine Gall Aerfort Bhaile Átha Cliath, rochtain thapaidh ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, bonneagar iarnróid, bóithre, cumhachta agus teileachumarsáide agus infhaighteacht talún seirbhísithe agus neamhsheirbhísithe le haghaidh forbartha. Cinntíonn gaireacht do lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a shuíomh ar Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste, fás leanúnach d’Fhine Gall sa todhchaí.

 

An Próiseas Buiséadach

Is próiseas reachtúil é an próiseas buiséadach, a dhéanann gach údarás áitiúil gach bliain.  

 

Sainmhíníonn an próiseas ioncam agus caiteachas na Comhairle don bhliain amach romhainn.

 

Cinntear beartas buiséadach i gcomhairle le baill thofa, oifigigh agus ag féachaint do na meastacháin ar mhaoiniú atá ar fáil tríd an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus go háirithe an leithdháileadh Cáin Mhaoine Áitiúil. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ann freisin maidir leis an gCáin Mhaoine Áitiúil.

 

Tá roinnt príomhfheidhm ag baill thofa Chomhairle Contae Fhine Gall maidir leis an bpróiseas buiséadach.

 

  • Glacadh leis an mBuiséad

Is féidir le baill an Buiséad a ghlacadh le leasú nó gan leasú agus ní mór dóibh na suimeanna a sholáthraítear lena n-aistriú chuig an gCuntas Caipitil a cheadú. 

 

  • Cáin Mhaoine Áitiúil

Tá sé de chumhacht ag na baill an Ráta Cánach Maoine Áitiúil (Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil) a athrú faoi móide / lúide 15 faoin gcéad. Socraítear é seo ag cruinniú na Comhairle i mí Mheán Fómhair.

  • Rátaí Tráchtála

Déanann baill cinneadh ar an Luacháil Inrátaithe Bliantúil a shocrú a chinneann an Ráta Tráchtála a ghearrtar ar ghnóanna áitiúla.

  • Rátaí ar Áitrimh Fholmha  

Tá sé de chumhacht ag na baill freisin cion na n-aisíocaíochtaí rátaí a bheidh infheidhme ar áitribh fholmha tráchtála a chinneadh.

 

CRÍOCH LE GACH CUID

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le [email protected]