Fógraíonn an Chomhairle Clár Caipitil trí bliana uaillmhianach ar fiú €767m

D’fhaomhaigh Comhairle Contae Fhine Gall Clár Caipitil trí bliana uaillmhianach ar fiú €767m a leagann amach infheistíocht shuntasach ar thionscadail ar fud an Chontae, le béim láidir ar sholáthar tithíochta, bearta taistil gníomhacha agus bonneagar glasbhealaigh thar a shaolré. 

Holymount Social Housing Development

Aithníonn an Clár leanúnach trí bliana 2021-2023 233 tionscadal aonair ar fud na seacht rannán comhairle le caiteachas measta de €767.12m, méadú 24 faoin gcéad ar an bplean roimhe seo.  

Tionscnaíonn an Clár caiteachas caipitil i 2021 de €217m, agus €246m ina dhiaidh sin i 2022 agus €303m eile i 2023.

Leanfaidh tiomantas na Comhairle maidir le tithíocht a sheachadadh agus spriocanna an Rialtais a bhaint amach, tar éis breis agus 6,151 réiteach tithíochta sóisialta a sheachadadh idir 2015-2019, agus cuirfear €334m ar leataobh sna trí bliana atá amach romhainn. Tá breis agus €116m curtha ar leataobh do thithíocht i 2021 agus tá €218m le caitheamh sa dá bhliain dár gcionn.

Leithdháileadh thart ar €146.69m ar Thaisteal Gníomhach agus Bonneagar Glasbhealaigh a ligfidh don obair leanúint ar aghaidh le príomhthionscadail a sheachadadh ar nós  Glasbhealach An Móinéar Leathan, Glasbhealach Chill Fhionntain-Mhullach Íde, Bealach Cósta Fhine Gall, Glasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga, Bealach Rothaíochta Bóthar  agus an Dearadh Bealach Rothaíochta Baile Dama-Cluain Saileach.

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Is clár infheistíochta cuimsitheach é seo ó Chomhairle Contae Fhine Gall a bhfuil béim láidir aige ar thithíocht agus forbairt bhonneagair glasbhealaigh ar fud an Chontae.  

 

“Treisítear ár dtiomantas do Ghníomhaíocht um Athrú Aeráide le maoiniú suntasach curtha ar leataobh le haghaidh bonneagair taistil ghníomhaigh chun siúl agus rothaíocht a chumasú ar fud an Chontae, chomh maith le hathrú soilsiú poiblí go LED agus soláthar pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreachais a chur i gcrích. Tá an-áthas orm freisin infheistíocht ríthábhachtach leanúnach a fheiceáil inár bpáirceanna iontacha, a bhfuil ról lárnach acu dár sláinte agus dár bhfolláine agus muid ag déileáil leis na dúshláin a chruthaíonn paindéim Covid-19.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Is clár infheistíochta uaillmhianach é seo ar fud gach limistéar den Chontae. In ainneoin na ndúshlán atá tugtha ag paindéim Covid-19, tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta an misean a chomhlíonadh chun a bheith ina áit iontach chun cónaí, obair, cuairt a thabhairt air agus gnó a dhéanamh.

“I bhfianaise nádúr méadaitheach ár gContae, tá éilimh iomaíocha ann i gcónaí agus creidim go láidir go leagann an Clár Caipitil cur chuige straitéiseach agus cothromaithe amach chun bonneagar a sheachadadh agus riachtanais ár bpobal agus ár bpáirtithe leasmhara uile a chomhlíonadh.”

Faoin gClár Caipitil 2021-2023, tá €20m eile curtha ar leataobh chun Ceathrú Cultúrtha Shoird a sheachadadh, agus leithdháileadh €2.5m do 2021. Tá €5.8m curtha ar leataobh faoi Leabharlanna i 2021 agus tá €2.5m curtha ar leataobh d’athchóiriú Leabharlann na Sceirí an bhliain seo chugainn mar chuid de chaiteachas foriomlán de €5.7m le linn an chláir trí bliana.  

Leithdháileadh €13.7m san iomlán ar na Ranna Pobail, Cultúir agus Spóirt thar thréimhse trí bliana, agus tá caiteachas de €2.7m curtha ar leataobh don bhliain seo chugainn ina ndéanfar infheistíocht leanúnach in uasghráduithe Ionaid Pobail agus Saoráid Ilchuspóireach an Rois.

Leanfar le hinfheistíocht shuntasach i dtionscadail iompair bóithre freisin le €8m curtha ar leataobh d’Acomhal Bóthar Snugborough i 2021 agus 2022 araon mar chuid de chaiteachas caipitil foriomlán de €17m ar an tionscadal. Cuireadh infheistíocht ar leataobh chomh maith d’fhorbairt moil áineasa lena n-áirítear páirc uile-aimsire Pháirc Ghleann na hAbhann agus Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh.

Bainfidh €73.95m leis an Roinn Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta sa tréimhse 2021-2023 agus caithfear €19m ar thionscadail i 2020 ar nós Ár mBaile Brigín agus oibreacha ag Teach an Droichid Nua, Caisleán Mhullach Íde agus Caisleán Ard Giolláin.

Leithdháileadh €40m ar an Roinn Oibríochtaí le linn an chláir 2021-23 ina ndéanfar infheistíocht leanúnach sa Chlár Feabhsúcháin Soilsithe Poiblí LED, uasghráduithe ar chlóis imeartha, pointí luchtaithe leictreachais agus athchóiriú leithris phoiblí ag suíomhanna áirithe, chomh maith le forbairt ar fhearainn pháirce agus ceantair áineasa ar fud an Chontae.  

Is féidir cur i láthair Chlár Caipitil 2020-2022 a tugadh do chomhairleoirí a fheiceáil ag www.fingal.ie/council-meetings

Is féidir cóip de Chlár Caipitil 2020-2022 a fheiceáil ag  https://www.fingal.ie/council/service/capital-programme