Fáiltíonn An Chomhairle roimh €25.4 milliún i maoiniú URDF d’athnuachan Bhaile Brigín

D’fháiltigh Comhairle Contae Fhine Gall roimh fhógra an lae inniu ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agud Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, go bhfuil €25.4 milliún bronnta faoin gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (URDF) ar thioncadail a bhaineann le hathnuachan Bhaile Brigín.

Mayor of Fingal Cllr David Healy, Minister for Housing, Local Government and Heritage, Darragh O’Brien TD, and Fingal County Council Chief Executive AnnMarie Farrelly at today's announcement that €25.4m has been awarded under the Urban Regeneration Development Fund (URDF) for projects associated with the rejuvenation of Balbriggan.

Cuideoidh an maoiniú le hocht dtionscadal a bhaint amach faoin bPlean Athnuachana Ár mBaile Brigín faoi 2027. Meastar go mbeidh costas foriomlán na dtionscadal ag €33.9 milliún agus soláthróidh Comhairle Contae Fhine Gall €8.5 milliún chun na feabhsuithe beartaithe sa réimse poiblí a chur i gcrích.

 

Is iad na hocht dtionscadal:

  • Sráid na Cé
  • Cuan
  • 2/4 Sráid Bhaile Átha Cliath
  • Sráid an Droichid
  • Sráid an Iarnróid
  • Páirc Millpond
  • Feabhsúcháin ar an bPromanáid agus ar an gCósta
  • Rotharbhealach Caisleán go Caisleán  

 

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Is príomhthionscadal do Chomhairle Contae Fhine Gall é Plean Athnuachana Bhaile Brigín agus tacóidh an maoiniú seo leis na hiarrachtaí chun lár Bhaile Brigín a chlaochlú. Tacóidh na feabhsuithe bonneagair agus réimse poiblí ar féidir leo dul ar aghaidh anois le roinnt cuspóirí nasctha. Tacóidh feabhsuithe ar spás poiblí le cáilíocht na beatha agus le saol an phobail i mBaile Brigín. Agus é sin á dhéanamh beidh siad mar bhonn taca ag forbairt an gheilleagair áitiúil chomh maith leis an aistriú go geilleagar agus sochaí dícharbónaithe atá ag croílár bheartais náisiúnta agus Fhine Gall. Ba mhaith liom ómós a thabhairt d’oifigigh na Comhairle, d’ionadaithe pobail agus do Chomhairleoirí áitiúla a léirítear a samhlaíocht agus a dtiomantas sa Phlean Athnuachana, agus buíochas a ghabháil leis an Aire O'Brien, thar ceann na Comhairle agus an phobail, as an maoiniú URDF a chabhróidh leis an bPlean a bhaint amach.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá fíoráthas orainn gur éirigh lenár n-iarratas ar mhaoiniú faoin gCise Athghiniúna agus Forbartha Uirbí agus cuideoidh sé leis an gComhairle lár baile agus cuan claochlaithe a chur ar fáil.  Is í an aidhm atá againn a chinntiú go leanfaidh Baile Brigín de bheith ina áit iontach chun cónaí, infheistíocht a dhéanamh ann, oibriú and gnó a dhéanamh ann.  Tá an infheistíocht pleanáilte againn le comhoibriú fairsing leis an bpobal áitiúil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín as a gcuid oibre ar an bplean uaillmhianach Ár mBaile Brigín.”

Dúirt An tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta: “Thar ceann Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín, fáiltím go croíúil roimh an bhfógra seo. Le maoiniú suntasach daingnithe anois agus pleananna mionsonraithe i bhfeidhm, is féidir céim mhór chun tosaigh a dhéanamh anois le hathnuachan agus athghiniúint Bhaile Brigín agus faoi 2027 claochlófar croí an bhaile. Cruthóidh an infheistíocht seo i réimse poiblí Bhaile Brigín na coinníollacha le haghaidh infheistíochta príobháidí, rud a fhágfaidh go ndéanfar foirgnimh agus forbairtí inlíonta folmha atá ann cheana a úsáid arís. Cruthóidh sé seo áit níos tarraingtí le maireachtáil, obair agus cuairt a thabhairt air. Leathnóidh athfhorbairt foirgneamh agus limistéar nach bhfuil in úsáid an spás atá ar fáil i lár an bhaile le haghaidh úsáidí pobail agus tráchtála ag soláthar taitneamhachtaí nua, spásanna glasa agus réimse poiblí feabhsaithe.”

 

Le maoiniú faighte anois, tá sé mar phlean ag Comhairle Contae Fhine Gall na hocht dtionscadal a sheachadadh i gcéimeanna. Sa chéad chéim, atá beartaithe le bheith críochnaithe faoi 2023, beidh athfheistiú an réimse phoiblí ag Sráid na Cé, uasghrádú limistéar an Chuain agus forbairt Stiúideonna Ealaíontóirí agus Spás Nuálaíochta Digiteach/Déantóra ag 2/4 Sráid Bhaile Átha Cliath.

 

Táthar ag súil go mbeidh Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór, Bealach Cósta Fhine Gall agus Sráid an Droichid críochnaithe faoi 2026. Beidh feabhsúcháin ar an bpromanáid agus ar na ceantair chósta mar aon le rotharbhealach idir Caisleán Bhrí Mhór agus Caisleán Ard Giolláin a bheidh mar chuid de Bhealach Cósta Fhine Gall. Cuimsíonn sé freisin athfhorbairt foirgneamh ar Shráid an Droichid a fuair an Chomhairle le déanaí. 

 

Críochnófar an chéim dheiridh faoi 2027 agus déanfar athnuachan ar Shráid an Iarnróid agus Páirc Millpond. Beidh sé seo ina chuid lárnach den phlean athnuachana ag díriú ar chroílár uirbeach an bhaile agus ag oscailt a conair ghlas, Abhainn na Raithneach, trí Pháirc Millpond.

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul ar aghaidh anois chun foirne dearaidh a sholáthar do thionscadail feabhsúcháin an réimse phoiblí. Ullmhóidh siad pleananna d’athfhorbairt na bhfoirgneamh agus na ceantair réimsí poiblí le haghaidh comhairliúcháin phoiblí sula dtosófar ar an tógáil