Council

24 Mar 2020

Scaoileann Oifig Spóirt Fhine Gall le físeáin Bhabhta Traenála sa Bhaile.

Tugtar treoir céim ar chéim duit sna físeáin trí bhabhtaí áisiúla traenála is féidir leat a dhéanamh sa bhaile - ní theastaíonn aon trealamh!

Cuirtear na seisiúin aclaíochta seo ar fáil trí Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ar mhaithe le cuspóirí oideachais agus treorach amháin. Ba cheart go mbeadh riocht maith fisiciúil ort agus ba cheart go mbeifeá in ann páirt a ghlacadh san aclaíocht. Ba cheart tabhairt faoi aon bhabhtaí traenála sa bhaile, a eascraíonn as an tsraith físeán seo a dhéanann tú, ar bhealach freagrach. Cuimhnigh, má bhraitheann tú aon phian nó gearranáil fad a bhíonn aclaíocht ar siúl agat, stop láithreach bonn.

30 Apr 2020

Draíocht Imeachtaí ar líne

Nuair atá imeachtaí curtha at athló tá go leor ar fáil ar line ar féidir leat a dhéanamh sa bhaile agus is féidir leat féachaint ar imeachtaí a tharla roimhe seo ar line freisin.

20 Mar 2020
COVID-19

Leanfaidh an Chomhairle le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí maidir le rátaí a chur siar

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall le hidirchaidreamh a dhéanamh le gnólachtaí a bhfuil tionchar á imirt ag géarchéim reatha COVID-19 orthu i ndiaidh gur fhógair an Rialtas inniu gur cheart d’údaráis áitiúla comhaontú a dhéanamh ar íocaíochtaí rátaí atá á ndéanamh ag na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar á imirt orthu a chur siar go dtí deireadh mhí na Bealtaine

20 Mar 2020
COVID-19

Tacaíocht Tithíochta agus Seirbhísí Tionóntachta

Tá Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall ag leanúint le seirbhísí a chur ar fáil ina rannáin Tacaíocht Tithíochta agus Seirbhísí Tionóntachta ar fad. 

Tá treoir úsáideach le fáil thíos dó dhaoine a bhféadfadh ceisteanna a bheith acu maidir lena n-imthosca cóiríochta.