Seolann Comhairle Contae Fhine Gall Comórtas Gníomhaíochtaí sa Dúlra

Nature collage

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Cháine a fhógairt go bhfuil an comórtas 'Gníomhaíochtaí sa Dúlrar' seolta ag ár roinn Feasachta Comhshaoil. Tá an comórtas a spreagann daoine chun triail a bhaint as roinnt gníomhaíochtaí dúlra spraoi ar oscailt anois d'iarratais.

Tá an comórtas seo oscailte do chách. Ní bheidh ach cónaitheoirí Fhine Gall agus fhoireann Fhine Gall agus a dteaghlaigh i dteideal na nduaiseanna.

Ní mór grianghraif de na gníomhaíochtaí a chur isteach leis an bhfoirm iarratais seo. Scríobh d’ainm agus an chatagóir ionas go mbeidh gach pictiúr inaitheanta leis an iarratas. 

Bain triail as cuid de na gníomhaíochtaí dúlra spraíúla seo agus cuir isteach ar an gcomórtas!!

  1. Cruthaigh beathadán éan ó rudaí atá sa bhaile.

  2. Déan só d'Éan! Beatha Éan - Caora péine nó clocha clúdaithe le him piseanna talún agus rollta i síolta.

  3. Péinteáil clocha, péinteáil carachtair nó na patrúin is fearr leat.

  4. Aimsigh/sainaithin 3 chineál scamall éagsúil, scríobh síos iad, tarraing cruthanna na scamall.

  5. Cruthaigh roinnt leabharmharcanna sa bláthanna brúite nó cleití.

  6. Sainaithin 3 chineál crann i ngar do do theach (ag baint úsáid as casarnach duille agus dath coirte, bachlóga, duilleoga), liostáil na rudaí a aimsíonn tú.

  7. Sainaithin agus taifead 3 bhláth fiáine dúchasacha timpeall do theach m.sh. nóinín, caisearbhán, fearbán, crobh éin, samhadh, sabhaircín.

  8. Tóg teach do bhóín Dé / óstán d'fheithidí.

  9. Déan tóraíocht feithidí - féach cad is féidir leat a aimsiú - bóín Dé, bolb, beach, seilide, ciaróg, damhán alla, ceilpeadóir, cuileog nó aon fheithid eile.

  10. Tarraing agus dathaigh pictiúr den ainmhí fiáin Éireannach is fearr leat.

  11. Aimsigh 6 chineál feithid nó éan éagsúil, scríobh síos iad.

  12. Cruthaigh mion-lochán éadomhain i mbuicéad.

  13. Aimsigh roinnt fásóga fungais ar chrainn / adhmad / ballaí.

  14. Aimsigh síol froganna i sruth fionnuisce atá ag gluaiseacht go mall, tabhair cuairt air go rialta agus féach na froganna óga i mí Aibreáin…

  15. Aimsigh gnáthóg eidhneán fhiáin/ dhúchasach agus liostáil cúig fheithid/ ainmhí nó éan a d’fhéadfadh a bheith ag maireachtáil inti.

  16. Tarraing agus dathaigh 4 dhuilleog ó choillearnacha dúchasacha, cruthanna éagsúla, m.sh. Fuinseog, Dair, Beith, Coll.

  17. Tarraing agus dathaigh ár frog dúchasach Éireannach!

  18. Tarraing agus dathaigh an t-éan gairdín nó an t-éan mara is fearr leat.

  19. Tarraing agus dathaigh an t-ainmhí mara Éireannach is fearr leat.

  20. Tarraing agus dathaigh an fheithid dhúchasach Éireannach is fearr leat.

  21. Tarraing agus dathaigh ainmhí ársa Éireannach, m.sh. fia mór na mbeann, mamat lomrach, béar.

  22. Roghnaigh an mamach Éireannach is fearr leat, scríobh síos 5 fhíric faoin mamach sin.

  23. Tarraing agus dathaigh an t-éan dúchasach Éireannach is fearr leat.

  24. Tarraing agus dathaigh an mamach fiáin Éireannach is fearr leat.

 

Seol 6 ghrianghraf / sonra ar a mhéad chuig [email protected]

DÁTA DEIRIDH: 4.30pm Dé hAoine an 15 Bealtaine