Líne Chabhrach thiomnaithe Covid-19

Tá líne chabhrach thiomnaithe Covid-19 ar bun anois i bhFine Gall chun cuidiú le baill den phobal atá i gcontúirt chun go mbeidh teacht acu ar thacaíocht neamhphráinneach agus neamhleighis, mar aon le comhairle le linn na géarchéime sláinte phoiblí reatha.

Is í an uimhir theileafóin don Fhreagairt Phobail i bhFine Gall ná 1 800 459 059 nó 01-8905000 agus tá na línte oscailte ó 9am go dtí 5pm ó Luan go hAoine. Is é  [email protected] an seoladh ríomhphoist tiomnaithe.

Is éard atá i gceist le Glao an Phobail ná acmhainní Stáit agus deonacha a thabhairt le chéile ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana chun dul i ngleic leis an gCovid-19. Is í aidhm Ghlao ar Phobail ná gníomhaíochtaí pobail a chomhordú, tacaíocht phobail a dhíriú ar an áit a bhfuil gá léi, agus eagar a chur ar fhuinneamh deonach na tíre.

Tá os cionn dosaen gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí i bhfóram Fhine Gall, agus cinntíonn sé go ndéanfar, laistigh d’Fhine Gall, gach rud a chomhordú chun a chinntiú go mbeidh teacht ag daoine leochaileacha nó acu siúd atá ina gcónaí leo féin ar earraí a fháil ón siopa, ar chógas leighis agus ar bhreoslaí.

I measc na ngrúpaí atá ag glacadh páirte i bhFóram Freagartha Pobail Fhine Gall tá:

Comhairle Contae Fhine Gall

Méara Fhine Gall

 

FSS

Coiste Forbartha Pobail Fhine Gall

An Post

Seirbhís Leasa Pobail

Tusla

Garda Síochána

Ionad d’Oibrithe Deonacha Fhine Gall

Muintir na Tíre

Ord Mhálta

Cosaint Shibhialta Bhaile Átha Cliath

CLG

Nasc Áitiúil

Faisnéis do Shaoránaigh

Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall

ALONE

TU Bhaile Átha Cliath

Comhlachas Tráchtála Fhine Gall

Empower

Comhpháirtíocht Leader Fhine Gall

Cumann Feirmeoirí na hÉireann

Dúirt Méara Fhine Gall, Clr Eoghan O’Brien: “Tá roinnt gníomhaireachtaí ann faoi láthair atá ag déanamh éachta maidir le cúram a chur ar fáil do daoine scothaosta agus do dhaoine leochaileacha sa cheantar. Faoi láthair, tá na grúpaí seo ag feidhmiú go neamhspleách agus is é ról Chomhairle Contae Fhine Gall ná cur chuige dírithe, comhtháite agus comhordaithe a chur ar fáil do na seirbhísí seo a bhfuil géarghá leo agus a chinntiú go mbeidh rochtain ag ár saoránaigh leochaileacha orthu ar fud an chontae le linn na paindéime COVID-19.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall lonnaithe go hidéalach, ar bhonn reachtaíochta agus réigiúnach araon, chun an obair éachtach seo a dhíriú agus struchtúr rialachais a sholáthar i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir. Tá athrú mór tagtha ar shaol móran daoine de bharr na géarchéime sláinte poiblí seo, agus táimid anseo chun cabhrú leis an athrú sin. Beidh ár bhfoireann, a bhfuil athrú tagtha ar a gcuid jabanna lae de bharr na géarchéime, beidh said ann mar phríomhacmhainn chun bainistíocht a dhéanamh ar an gclár tacaíochta pobail seo in éineacht lenár gcomhghníomhaireachtaí/gcomhghrúpaí.”

 

The Community Call - Advice and Contact Information Booklet for Your County