Fógra Poiblí maidir le Tionóntachtaí HAP

I bhfianaise staid COVID-19 agus na bhfógraí a rinne an Rialtas le déanaí maidir le bearta atá á nglacadh chun leathadh Covid-19 a chomhrac, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl do thionóntaí HAP, chun leanúnachas tionóntachtaí HAP a chinntiú:

  • Mura dtagann athrú ar chúinsí airgeadais tionóntaí HAP mar thoradh ar na céimeanna atá á nglacadh chun leathadh COVID-19 a chomhrac, níor cheart go mbeadh aon athrú ar oibriú na scéime - leanfar le híocaíochtaí HAP a dhéanamh leis an tiarna talún agus le cíos difreálach an tionónta a bhailiú;

 

  • Má thagann athrú ar chúinsí airgeadais tionóntaí de bhun COVID-19, ba cheart do na tionóntaí sin teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus iarratas a dhéanamh ar na tacaíochtaí ábhartha https://www.gov.ie/en/organisation/department-of-employment-affairs-and-social-protection/?referrer=https://www.welfare.ie/en/Pages/home.aspx
     
  • Chun ceanglas a bheith i láthair go pearsanta in oifigí údaráis áitiúil a fhritháireamh, ba cheart ansin cáipéisí a fhaightear ó DEASP a scanadh / grianghraf a ghlacadh díobh agus a chur faoi bhráid d’údaráis áitiúil a luaithe is féidir mar chruthúnas ar athrú i do chúinsí airgeadais;
     
  • D’fhéadfadh moill a bheith ar leasú méideanna difreálacha cíosa mar thoradh ar laghdú ar leibhéil foirne údaráis áitiúil - ní bheidh aon tionchar aige sin ar d’íocaíocht HAP le do thiarna talún
     
  • Déanfaidh d’údarás áitiúil riaráistí difreálacha cíosa a charnann tar éis cáipéisíocht DEASP a chur isteach le linn bhearta COVID-19 a athmheas agus a cheartú in am trátha - ní bheidh aon tionchar aige sin ar d’íocaíocht HAP le do thiarna talún.
     
    Aithníonn an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil na brúnna breise atá roimh thiarnaí talún agus tionóntaí maidir le géarchéim Covid-19 agus tá sé ag obair le húdaráis áitiúla agus le hIonad Seirbhísí Comhroinnte HAP chun a chinntiú go leanfar le tionóntachtaí HAP le linn na tréimhse seo.
     
    Foireann HAP
    Comhairle Contae Fhine Gall

 

         01 8704515 / [email protected]