Tacaíocht Tithíochta agus Seirbhísí Tionóntachta

Tá Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall ag leanúint le seirbhísí a chur ar fáil ina rannáin Tacaíocht Tithíochta agus Seirbhísí Tionóntachta ar fad. 

Tá treoir úsáideach le fáil thíos dó dhaoine a bhféadfadh ceisteanna a bheith acu maidir lena n-imthosca cóiríochta.

Aimsigh Do Rannán

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht do Thithíocht Shóisialta – an bhfuil foirm iarratais ann?

Logáil isteach ar ár suíomh gréasáin trí https://www.fingal.ie/council/service/housing-provision agus lean an nasc chuig Soláthar Tithíochta, agus beidh tú in ann Foirm Iarratais do Thithíocht Shóisialta a íoslódáil ansin.

 

 

Tá seoladh nua agam, conas is féidir liom m’Iarratas ar Thithíocht Shóisialta a choinneáil cothrom le dáta?

Má tá athrú tagtha ar d’imthosca, déan teagmháil le ball den Fhoireann Tacaíochta Tithíochta ar an teileafón, tríd an bpost, nó trí ríomhphost.

 

 

Is mian liom doiciméid leighis a nuashonrú ar m’Iarratas ar Thithíocht Shóisialta – céard ba cheart dom a dhéanamh?

Is féidir leat gach doiciméad tacaíochta leighis a sheoladh tríd an bpost chuig an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta, nó ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]

 

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

Address

An Fhoireann Tacaíochta Tithíochta,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir,
Baile Átha Cliath 15, D15W638

An gá dom leanúint le mo mhorgáiste a íoc?

Is gá duit do mhorgáiste a íoc, má tá aon deacracht agat déan teagmháil leis an bhfoireann tacaíochta morgáiste. Seol ríomhphost chuig:  [email protected]

 

Céard a tharlóidh má chaillim mo phost mar gheall ar éigeandáil Covid-19?

Ba cheart duit ríomhphost a sheoladh chugainn chomh luath agus is féidir  [email protected]

  • Má tá do phost caillte agat go sealadach caithfidh tú fianaise ar d’éileamh leasa shóisialaigh a chur ar fáil don fhoireann tacaíochta morgáiste
  • Má tá do phost caillte go buan agat, cuir sonraí maidir le do dháta scoir ar fáil (ar fáil ó MyAccount ar revenue.ie)

  

Céard a tharlóidh do mo Mhorgáiste?

Faoi réir fianaise a sholáthar go bhfuil do phost caillte agat nó go bhfuil do chuid uaireanta oibre laghdaithe, d’fhéadfadh Comhairle Contae Fhine Gall réiteach a thairgeadh duit ionas go mbeidh tú in ann íocaíochtaí laghdaithe nó iarchurtha a dhéanamh atá i gcomhréir le do chaillteanas ioncaim.

Beidh ort, ar a laghad, leanúint le d’íocaíochtaí Árachais um Chosaint Morgáiste ionas nach mbeidh aon bhriseadh i leanúnachas do chumhdaigh árachais. Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall tréaniarracht teacht ar réiteach ar leith le gach iasachtaí.

  

Ghlaoigh ‘Uimhir Phríobháideach’ orm, an Comhairle Contae Fhine Gall a bhí ag glaoch orm?

Seans maith gurb é Comhairle Contae Fhine Gall a bhí ag glaoch ort chun ábhar do ríomhphoist a phlé leat. Fágfaidh ar mbaill foirne teachtaireacht duit mar aon lena sonraí teagmhála. Má tá amhras ort déan teagmháil le  [email protected]

  

Tá cineál iasachta níos sine agam agus go hiondúil déanaim íocaíocht in oifig an airgid. Céard é an bealach is fearr chun mo mhorgáiste a íoc anois?

Tá trí rogha agat, ach seol ríomhphost chuig  [email protected]  má theastaíonn comhairle uait:

  • Buanordú (ó do Bhanc agus tugtha ar ais do do bhanc)
  • Sainordú Dochair Dhírigh (tugtha ar ais do Chomhairle Contae Fhine Gall)
  • Oifig an Airgid, Comhairle Contae Fhine Gall, glaoigh ar (01) 890 5309 nó (01) 890 5154 agus bíodh sonraí do Chárta Dochair nó do Chárta Creidmheasa ar eolas agat. Tá Oifig an Airgid oscailte idir 9.30am-3.30pm Luan - Aoine

 

 

 

An gá dom leanúint le mo chíos a íoc?

Caithfidh tú do chíos a íoc mar is gnáth, i gcomhréir le d’ioncam teaghlaigh.

 

Céard a tharlóidh dom má tá mo phost caillte agam?

Ba cheart duit ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  nó  [email protected] chomh luath agus is féidir leat

  • Má tá do phost caillte agat go sealadach, d’fhéadfaí measúnú a dhéanamh ort go sealadach le haghaidh cíosa bunaithe ar íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh go dtí go mbíonn níos mó eolais agat maidir le do staid fostaíochta. Sa chás seo, seol mionsonraí deimhnithe ó d’fhostóir chuig  [email protected]  nó  [email protected]
  • Má tá do phost caillte go buan agat, cuir sonraí maidir le do dháta scoir ar fáil (ar fáil ó MyAccount ar revenue.ie)

 

An bhfuil aon duine ar fáil le labhairt liom maidir le mo chuntas cíosa nó táille chíosa?

Tá foireann chíosa Chomhairle Contae Fhine Gall ar fáil chun comhairle a chur ort maidir le leanúint le d’íocaíochtaí cíosa a dhéanamh. Féach ar na sonraí thíos.

 

Conas a íocfaidh mé mo chíos?

Tá ceithre rogha agat:

  • Buanordú (ó do Bhanc)
  • Foirmeacha Buiséid Teaghlaigh (ó Oifig an Phoist) 
  • Íoc Bille in Oifig an Phoist nó ag aon Post Point i siopaí nó ar www.mybills.ie
  • Oifig an Airgid, Comhairle Contae Fhine Gall, glaoigh ar (01) 890 5309 nó (01) 890 5154 agus bíodh sonraí do Chárta Dochair nó do

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5380/01 890 5000

 

[email protected]

 

Address

Cíosanna Tithíochta,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir,
Baile Átha Cliath 15 D15W638

Tá an Próiseas Ligin gníomhach, agus is mian linn a chur in iúl nach bhfuil stop curtha ag an gComhairle le réadmhaoin a leithdháileadh.

 

Tá ár bhFoireann Ligin ag leanúint ar aghaidh le teagmháil a dhéanamh leo siúd atá ar liosta feithimh do Thacaíocht Tithíocht Shóisialta, agus tá agallaimh á ndéanamh ar an teileafón. 

 

Déanfaidh Ball den Fhoireann Ligin teagmháil leat trí uimhir fóin phóca – agus inseoidh an Fhoireann Ligin duit cé atá ag caint leat ag an am. 

 

Má tá amhras ort faoin nglao, áfach, fág síos an fón, agus glaoigh orainn ar 890 5380 nó  890 5000 agus labhair le ball den Fhoireann Ligin sa Roinn Tithíochta, agus beidh duine dár bhfoireann in ann an duine a bhí ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leat a shoiléiriú agus a fhíorú.

  

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5380/01 890 5000

 

[email protected]

 

Tá mé incháilithe le haghaidh Tithíocht Shóisialta anois, ach conas a dhéanaim iarratas ar HAP?

Déan teagmháil le Rannán HAP Chomhairle Contae Fhine Gall (01-8704515 nó seol ríomhphost chuig [email protected] ) agus seolfar Foirm Measúnaithe Incháilitheachta chugat.    Is é seo an chéad chéim den phróiseas ina gcuirfear in iúl duit cé mhéad cíosa is féidir leat a íoc nuair a bheidh tionóntacht á lorg agat le haghaidh tithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach.

 

Tá m’iarratas HAP curtha isteach agam, céard a tharlóidh anois?

Nuair a bhíonn an chuid den iarratas (uait féin agus ó do thiarna talún) faighte ag an bhFoireann HAP, próiseálfar an fhoirm agus déanfar socrú ionas go mbeidh tú in ann clárú do scéim HAP. 

 

An gcuirfidh cúrsaí mar atá faoi láthair moill ar phróiseáil m’Iarratais HAP?
Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall le gach iarratas a phróiseáil ar bhealach éifeachtach agus tráthúil.

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:   

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 870 4515/01 890 5000

 

[email protected]

SEOLADH

 

An Fhoireann HAP,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15,                                                                            D15W638

 

 

[email protected]

SEOLADH

 

Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15,                                                                            D15W638.

 

 

 

 

 

 

Address

An Fhoireann HAP,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15,

Tá foireann na Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean fós ag obair.

 Iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an bhfón, post nó ríomhphost agus beidh an Fhoireann Tacaíochta do Dhaoine gan Dídean in ann cabhrú leat

 Más mian leat doiciméid bhreise a chur ar fáil dúinn, nó foirmeacha iarratais comhlánaithe, tá bosca poist ar fáil sa limistéar fáiltithe dár n-oifigí i Sord agus i mBaile Bhlainséir.

 

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5090/01 890 5000

 

 

Address

Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15,
D15 638.

Tá Fadhb Chothabhála agam, cé air a chuirfidh mé glaoch?

Is féidir glaoch ar Roinn Cothabhála Fhine Gall ar 01 890 5588 nó ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected] .

Is féidir glaoch ar sheirbhís lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre Chomhairle Contae Fhine Gall ar 01 890 5000.

Tabhair faoi deara, cé go bhfuil na línte fóin fós ag obair, go mbeidh sé riachtanach tús áite a thabhairt d’oibreacha práinneacha nó éigeandála, lena n-áirítear oibreacha a bhaineann le leictreachas, teas agus uisce.

Déileálfar le gach fiosrúchán cothabhála eile ar bhonn céimnithe, nuair atá na hoibreacha éigeandála curtha i gcrích.

  

An bhfuil Conraitheoirí ag dul chomh fada le háitribh?

Tá, beidh Conraitheoirí atá ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall i mbun deisiúchán práinneach agus éigeandála.

Tá na conraitheoirí seo ag obair de réir a rialachán sláinte agus sábháilteachta féin le Treoir ón gComhairle agus tá gach réamhchúram is gá agus atá riachtanach á dhéanamh acu chun stop a chur le leathadh an víris fad is atá seirbhís thábhachtach á cur ar fáil acu.

 

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5588/ 01 890 5000

 

[email protected]

Iompraíocht Fhrithshóisialta

An féidir liom fadhb a bhaineann le hIompraíocht Fhrithshóisialta i mo cheantar a thuairisciú?

Is féidir, is féidir fadhb a thuairisciú d’Fhoireann Bainistíochta Eastáit Fhine Gall trí ghlaoch ar 01 890 5588 nó ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  i rith gnáthuaireanta oibre má bhaineann an gearán le Tionóntacht Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Ba cheart gach fadhb a bhaineann le hiompraíocht thromchúiseach fhrithshóisialta agus coiriúlacht a thuairisciú do An Garda Síochána chomh maith.

 

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5588/01 890 5000

 

[email protected]

SEOLADH

 

 

 

Address

An Rannán Bainistíochta Eastáit,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15, D15W638.

An féidir liom fadhb a bhaineann le hIompraíocht Fhrithshóisialta i mo cheantar a thuairisciú?

Is féidir, is féidir fadhb a thuairisciú d’Fhoireann Bainistíochta Eastáit Fhine Gall trí ghlaoch ar 01 890 5588 nó ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  i rith gnáthuaireanta oibre má bhaineann an gearán le Tionóntacht Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Ba cheart gach fadhb a bhaineann le hiompraíocht thromchúiseach fhrithshóisialta agus coiriúlacht a thuairisciú do An Garda Síochána chomh maith.

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Tacaíochta Tithíochta?

Seo a leanas sonraí teagmhála na Foirne Tacaíochta Tithíochta:

SONRAÍ TEAGMHÁLA

 

01 890 5588/01 890 5000

 

[email protected]

SEOLADH

 

Address

An Rannán Bainistíochta Eastáit,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Bóthar an Gharráin,
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15, D15W63