Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do COVID-19

Ar Oscailt do gach Grúpa Pobail agus Deonach i bhFine Gall

an Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do COVID-19 á cur ar siúl ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun tacú le grúpaí deonacha agus pobail chun freagairt pobail áitiúil a sholáthar do COVID-19 i bhFine Gall. Tabharfar tús áite do thionscnaimh a dhéanann iarracht chun fairsinge an víris a shrianadh agus a theorannú, chun oibrithe deonacha a chosaint agus chun tacú le baill leochaileacha inár bpobal.

 

Funding

An Scéim Cistithe Freagairt Phobal Fhine Gall COVID-19: Ar Oscailt do gach Grúpa Pobail agus Deonach i bhFine Gall

an Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do COVID-19 á cur ar siúl ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun tacú le grúpaí deonacha agus pobail chun freagairt pobail áitiúil a sholáthar do COVID-19 i bhFine Gall. Tabharfar tús áite do thionscnaimh a dhéanann iarracht chun fairsinge an víris a shrianadh agus a theorannú, chun oibrithe deonacha a chosaint agus chun tacú le baill leochaileacha inár bpobal.

Cisteofar grúpaí faoi 2 chatagóir

(i) Ranníocaíocht Tosaigh Bhunaithe d’Fhoireann Freagartha Pobail: (a mhéid le €200). Dámhachtain aonuaire €200 chun íoc as costais tosaigh a bhíonn le híoc chun foireann freagartha pobail áitiúil a bhunú

(ii) Ciste Gníomhaíochta Pobail COVID-19: (a mhéid le €1000) deontas do ghrúpaí áitiúla a léiríonn comhpháirtíocht/ comhoibriú láidir idir grúpaí pobail áitiúla agus príomhsheirbhísí chun freagairt go sábháilte do COVID-19 faoi na téamaí seo a leanas:  

  • Tacú le tionscnaimh Sábháilteachta Pobail
  • Clár folláine phobail
  • Tionóil Phobail Fhíorga
  • Tacú leis an sprioc do dhaoine breacaosta agus leochaileacha 

I measc na gcostas a cháilíonn, tá bileoga/ bileoigíní, na meáin shóisialta, guthán póca (a cheannach), trealamh cosanta pearsanta (i.e. lámhainní, maisc, díghalaráin), árachas, costais imeachta fhíorga, táillí oiliúnóra/ teagascóra, bileoga a dhearadh/ a chló, ábhar cláir, poiblíocht etc… (níl an liosta seo críochnaitheach)

Chun teacht ar eolas breise agus chun an fhoirm iarratais ar líne a líonadh, cliceáil https://form.jotform.com/200864157081352

 

Chun teacht ar chúnamh nó comhairle maidir leis an iarratas, déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Pobail áitiúil de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall

Tuaisceart an Chontae: Eugene Moore: [email protected] : 087 2853621

Baile Brigín: Mick Dunne: [email protected] : 0876259948

Baile Átha Cliath 15: Rafe Costigan: [email protected] : 087 2203944 / Sinéad Wiley: [email protected] : 086 8123070

Fine Gall Thoir agus Sord: Valerie McAllorum Byrne : [email protected] : 087 9051999/ Pat Lane: [email protected] : 087 9876993