Tagann Leabharlanna, Foilsitheoirí agus Scríbhneoirí Éireannacha le chéile chun am scéalaíochta le leabharlanna a chur ar fáil ar líne

Rinne leabharlanna poiblí, foilsitheoirí agus scríbhneoirí Éireannacha socrú chun éascaíocht a dhéanamh ar sheisiúin scéalaíochta ar líne do dhaoine óga fad is a bheidh leabharlanna agus scoileanna dúnta don phobal le linn na paindéime Covid-19.

 

Tabhair draíocht na scéalaíochta isteach i do theach le hacmhainní ar líne ó do leabharlann

'Léim isteach i Scéalta' agus déan comóradh ar scríbhneoireacht Éireannach iontach do dhaoine óga

Rinne leabharlanna poiblí, foilsitheoirí agus scríbhneoirí Éireannacha socrú chun éascaíocht a dhéanamh ar sheisiúin scéalaíochta ar líne do dhaoine óga fad is a bheidh leabharlanna agus scoileanna dúnta don phobal le linn na paindéime Covid-19.

Cuirfidh an tionscnamh sin acmhainn luachmhar eile ar fáil do theaghlaigh, anuas ar na seirbhísí ar líne a gcuireann leabharlanna ar fáil dóibh cheana féin cosúil le ríomhleabhair, ríomhchlosleabhar agus rochtain ar acmhainní foghlama ar líne cosúil le Askaboutireland.ie agus Enfo.ie.

'Léim isteach i Scéalta' an teideal atá ar an gcomóradh bliantúil ar theaghlaigh ag léamh le chéile. Ba mhian linn i mbliana aird a tharraingt ar shárshaothair údar Éireannach agus cuireadh a thabhairt do chách grá a bheith acu do scríbhneoireacht Éireannach, nó #LoveIrishWriting. Cé go bhfuil foirgnimh leabharlainne dúnta, táimid ábalta in éineacht le scríbhneoirí agus foilsitheoirí Éireannacha spreagadh a thabhairt duit comóradh a dhéanamh ar scríbhneoireacht Éireannach lenár leabharlanna ar líne seachas i do bhrainse leabharlainne áitiúil.

Is am speisialta a roinneann teaghlaigh é am scéalaíochta sa leabharlann agus, a bhuí le flaithiúlacht na bhfoilsitheoirí agus scríbhneoirí Éireannacha, beidh leabharlannaithe ábalta am scéalaíochta a choinneáil ar siúl ar líne ar mhaithe lenár mbaill is óige mar gheall ar an socrú sin. Bealach spraíúil do leanaí le sult a bhaint as scéalta is ea am scéalaíochta leabharlainne, ach go háirithe do na leanaí siúd nach bhfuil leabhair acu sa bhaile agus nach féidir leo leabhair nua a fháil faoi láthair.

Tá leabharlannaithe, scríbhneoirí agus foilsitheoirí Éireannacha níos tiomanta anois ná riamh do ghean ar scéalta a spreagadh. Fágann an chomhpháirtíocht seo gur féidir le leanaí leanúint de thairbhe a bhaint as na leabhair Éireannacha do leanaí is fearr.

Conas a oibreoidh sé?

Ba dheas ónár gcomhpháirtithe foilsithe Éireannacha agus Comhar na Scríbhneoirí aontú le táillí ceadúnais a tharscaoileadh ar leabhair roghnaithe a léamh agus ar fhíseáin a chur ar líne nó a shruthú.

Déanfaidh leabharlannaithe sruthú ar sheisiúin scéalaíochta nó postálfaidh siad ar líne iad ar a gcainéil meán sóisialta. Beidh na físeáin seo ar líne fad is a bheidh foirgnimh leabharlainne dúnta.

Lean cainéil meán sóisialta do sheirbhís leabharlainne áitiúil nó cuntais Twitter, Instagram agus Facebook de chuid Leabharlanna Éireann le fáil amach cén uair a dhéanfar amanna scéalaíochta i do cheantar a uaslódáil. Tabhair cuairt ar www.librariesireland.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Seo iad na foilsitheoirí Éireannacha atá cláraithe:

The O’Brien Press

Mercier Press

Little Island Books

Gill Books

Futa Fata

Leabhar Breac

An Gúm

Cló Iar-Chonnacht

Cois Life

LeabhairCOMHAR

Ag labhairt dó faoin gcomhpháirtíocht nua, dúirt Tom Enright, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman agus Cathaoirleach an Choiste Forbartha Leabharlanna:

"Cuirim fáilte roimh an gcomhpháirtíocht seo idir leabharlanna poiblí agus foilsitheoirí agus scríbhneoirí Éireannacha, agus glacaim buíochas leo as a bhflaithiúlacht agus as gan iarraidh ar tháillí ceadúnais ag an tráth seo chun éascaíocht a dhéanamh ar am scéalaíocht ar líne. Cuireann leabharlanna an oiread sin seirbhísí fíorthábhachtacha ar fáil do theaghlaigh Éireannacha, agus is mó ag na teaghlaigh na seirbhísí sin anois ná riamh roimhe seo. Tá ár bhfoireann leabharlainne ag iarraidh freastal ar a bpobail cibé bealach is féidir leo. Tá a fhios againn go bhfuil an tráth seo dúshlánach ag teaghlaigh agus tá súil againn go leanfaidh ár mbaill ar fad, idir óg agus aosta, de leas a bhaint as scéalaíocht ar líne, chomh maith leis na seirbhísí eile ar líne a chuireann leabharlanna ar fáil.'

Dúirt Ivan O'Brien, Stiúrthóir Bainistíochta The O'Brien Press agus comhalta boird Fhoilsiú Éireann:

"Tá leabhair agus scéalta níos tábhachtaí anois sa ré éiginnte ná mar a bhí roimhe. Is acmhainní iontacha iad leabharlanna don phobal ar fad, agus tá ríméad ar scríbhneoirí agus foilsitheoirí na hÉireann tacaíocht a thabhairt dóibh chun go leanfaidh siad den lucht léitheoireachta is mó is féidir a shroicheadh le scéalta iontacha Éireannacha, i mBéarla agus i nGaeilge, fiú nuair atá a bhfoirgnimh dúnta."

Dúirt Lissa Oliver, Cathaoirleach Chomhar na Scríbhneoirí:

"Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil traidisiún iontach aici ó thaobh scríbhneoireacht do leanaí agus leabhair a fhoilsiú, scéalta agus leabhair a ligeann le samhlaíocht daoine óga, a thógann ar thuras fantaiseach iad, agus thumann iad in eachtraí misniúla agus scéalta coscracha. Tá géarghá le scéalta den chineál sin anois. Ba gheataí iad leabharlanna i gcónaí ar an raon leathan scéalta as Éirinn agus ó cheithre chearn na cruinne. Tá meas againn ar ár gcomhghleacaithe agus cairde sna leabharlanna atá ag iarraidh an ról sin a choinneáil ag imeacht faoi láthair ach a léamha a chraoladh ar líne. Tá bród ar Chomhar na Scríbhneoirí as páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo a chuideoidh le siamsa a dhéanamh do leanaí tríd an scéalaíocht, fad a ghéilltear do chóipcheart an údair."