Tá 54 reilig stairiúil i bhFine Gall agus is gné shuntasach d'oidhreacht an chontae iad. Tá go leor díobh fós á n-úsáid. Tá baint ag roinnt acu, cosúil le Lusca, Sord, Naomh Dúiligh agus An Ghreallach le naoimh agus téann siad chomh fada siar le tréimhsí luatha na Críostaíochta. Is reiligí paróiste meánaoiseacha iad cuid eile díobh, cosúil le Clochrán, Inis Pádraig agus Mullach Íde.