Oidhreacht ón mBaile - Reiligí

Graveyard

Tá 54 reilig stairiúil i bhFine Gall agus is gné shuntasach d'oidhreacht an chontae iad. Tá go leor díobh fós á n-úsáid. Tá baint ag roinnt acu, cosúil le Lusca, Sord, Naomh Dúiligh agus An Ghreallach le naoimh agus téann siad chomh fada siar le tréimhsí luatha na Críostaíochta. Is reiligí paróiste meánaoiseacha iad cuid eile díobh, cosúil le Clochrán, Inis Pádraig agus Mullach Íde. Tá fothrach eaglaise, toibreacha naofa agus leaca uaighe suimiúla i go leor acu. Ní dhearnadh na seanreiligí seo a imfhálú ach sa 19ú haois agus, mar sin, tá seans ann go dtiocfaí ar shuíomhanna adhlactha eile taobh amuigh de bhallaí reilige an lae inniu. Is tearmann do fhlóra agus fána iad seanreiligí freisin. D'fhéadaidís tacú le féar agus bláthanna fiáine dúchasacha agus gnáthóga a chur ar fáil d'éin agus laghairteanna chomh maith.

https://www.fingal.ie/historic-graveyards

Is é aidhm Thionscadal Reiligí Stairiúla Fhine Gall measúnú a dhéanamh ar na reiligí stairiúla agus sonraí bonnlíne a sholáthar mar threoir dá gcosaint. Tá eolas i ngach iontráil maidir le bunús, suíomh, cineálacha tuamaí agus déantóirí uaigheanna ar fiú trácht orthu. Cliceáil anseo

Is séadchomharthaí seandálaíochta taifeadta freisin iad beagnach gach ceann de reiligí stairiúla Fhine Gall agus tá cosaint acu de réir na reachtaíochta. Bheadh fonn ort nuair a fheiceann tú reiligí ag dul i bhfiántas nó nuair is léir go dteastaíonn obair dheisiúcháin uathu rud éigin a dhéanamh as do stuaim féin ach fiú mura ndéanfá ach eidhneán a tharraingt den bhalla d’fhéadfadh tionchar díobhálach tromchúiseach a bheith aige sin. Ba cheart scéimeanna chun reiligí a ghlanadh agus a chothabháil a phleanáil i gceart agus ba cheart sainchomhairle a lorg maidir leo. Féach anseo

Is acmhainn é an tionscadal Adhlactha i bhFine Gall inar féidir taifid adhlactha d'uaigheanna a fháil. Cuardaigh adhlacadh ar https://buried.fingal.ie/  Is acmhainn ar líne é Eolaire Reiligí Bhaile Átha Cliath a chlúdaíonn Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath, Fine Gall san áireamh. Tá bunachair sonraí ann agus naisc le hathscríbhinní leaca uaighe agus eolas taighde úsáideach eile. Féach anseo