Oidhreacht ón mBaile - Lá Náisiúnta na Líníochta

Fig. 11 Tayleur

Lá Náisiúnta na Líníochta is ea Dé Sathairn 16 Bealtaine, lá a tharraingíonn aird ar thábhacht na léaráidí, líníochtaí agus pictiúir dár suíomhanna oidhreachta atá fós slán tar éis na mblianta. San 18ú haois, léirigh Gabriel Beranger na tréithe ab fhearr den nós a bhí ann chun na seaniarsmaí a líniú. Taifead álainn ar chaisleáin agus séadchomharthaí Fhine Gall atá imithe le fada is ea iad a líníochtaí ina bhailiúchán 'Ramble thro' the County of Dublin' ó na 1770idí. Tharraing George Victor du Noyer (1817-1869) os cionn 5000 pictiúr den tírdhreach, d'fhoirgnimh agus den chósta. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, bhí sé ina phrintíseach leis an ealaíontóir agus an seandálaí George Petrie, ar cheannaire na Rannóige Topagrafaí den tSuirbhéireacht Ordanáis é. Rinne sé taifead de na carraigeacha fillte ag Droim Meánach, Inis Mac Neasáin agus Bá an Túir ag Port Reachrann https://dcenr.maps.arcgis.com  Tá bunachar sonraí ar líne de líníochtaí agus grianghraif ársa, lena n-áirítear líníochtaí Du Noyer de na fuinneoga ag Caisleán Shoird agus an cloigtheach agus eaglais, sna bailiúcháin de chuid Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann. Is féidir saothar na ndaoine sin a rinne pictiúir de pháirceanna, báid agus spéir Fhine Gall, idir Nathaniel Hone agus Harry Kernoff, le feiceáil i mbailiúchán ar líne Dánlann Náisiúnta na hÉireann