Oidhreacht ón mBaile - stair mhuirí ársa agus éagsúil Fhine Gall

Beranger Abbey at Howth

Tá stair fhada agus éagsúil mhuirí ag Fine Gall, ó aimsir ruathair na Lochlannach agus an port meánaoiseach Binn Éadair tráth na Plá, go dtí foghlaithe mara Reachrann agus smuigléirí an Rois agus Loch Sionnaigh. Faoin ceathrú haois déag, bhí béal na Life tar éis líonadh le siolta agus bhí gá leis na hearraí a thabhairt i dtír áit éigin eile ar an gcósta. In 1483, fuair Bardas Bhaile Átha Cliath deontas ón ioncam a fuarthas ar na hearraí ar fad a iompórtáladh sna cuanta Baile Roiséir, Binn Éadair, Baile Dúill, Port Reachrann, An Ros agus Na Sceirí. Mar gheall ar leibhéal na trádála ar an gcósta, ní mór an t-ionadh é go raibh fadhb ann le píoráideacht. Ba thearmann do naimhde an Rí é Reachrainn. In 1496, rinneadh cur síos ar Reachrainn in achainí a rinne Príoir Inis Pádraig. Dúirt sé go raibh 'cuanta agus góilíní ar Reachrainn ina mbíonn nós ag foghlaithe mara dul i bhfolach'.

Ach is iad na scéalta a d'fhan inár n-intinn agus a ndearnadh ceiliúradh orthu i go leor dár mbailte cois cósta ná na longa báite amach ón gcósta, na hiarrachtaí tarrthála a rinneadh agus na beathaí a cailleadh. Tá cuanta nádúrtha agus góilíní ar foscadh ar chósta Fhine Gall, ach ní hé nach bhfuil dainséir ag baint leis an gcósta. Tá cinn tíre chreagacha, carraigeacha faoi cheilt agus feachtaí láidre ar an gcósta.  Ba é an chéad long a briseadh, de réir na dtaifead, ná an 'Nicholas of Doun in Ulster' in 1306. Cuireadh an long a bhí 'luchtaithe le fíon agus earraí eile', seoda, fionnadh, céir agus umha san áireamh, go tóin poill amach ó chósta Phort Mearnóg mar gheall ar anfa. Briseadh bruig ó Phort an Pheire amach ó chósta na Sceirí in 1756. Taifeadtar ar na leaca uaighe i reilig Inis Pádraig gur 'cailleadh formhór an chriú agus an máistir', John McClerey nach raibh ach sé bliana déag d'aois ag an am ina measc. Briseadh an HMS Tayleur de chuid an White Star Line ar na carraigeacha amach ó Reachrainn agus cailleadh beagnach 400 duine in 1854. Ar an drochuair, níor chuir criú an chlipéir iarainn, nach raibh mórán taithí acu, tionchar na cabhlach ar na compáis san áireamh. Mar sin, níor thug na daoine sin a bhí ag triail ar shaol nua i Melbourne faoi deara go raibh siad imithe dá gcúrsa agus go raibh tubaiste i ndán dóibh. Bhí na Carraigeacha Cardy amach ó cheann tíre Bhrí Mhór, cóngarach don chuan meánaoiseach An Cuan Nua, ina gcúis le go leor leor long briste. Tagtar ar phíosaí den Belle Hill, long a briseadh in 1875, a thagann i dtír ar Thrá an Rí ar an taobh ó dheas. Tá longa báite taifeadta sa Wreck Viewer