Oidhreacht ón mBaile - An Dúlra

Rosetate Tern

Tá 28 speiceas mamach in Éirinn, chomh maith le 400 speiceas éan, os cionn 4,000 speiceas plandaí agus os cionn 12,000 speiceas feithidí.

An dtuigeann tú an difríocht idir SAC agus SPA? Seo iad na príomhlimistéir caomhnaithe fiadhúlra sa tír, agus tá siad tábhachtach ag leibhéal na hEorpa agus leibhéal na hÉireann.

Tá roinnt Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) i bhFine Gall, lena n-áirítear Inbhear Mhullach Íde, Bá Bhaile Dúill agus Binn Éadair.

Ainmnítear gnáthóga agus talamh pórúcháin na speiceas éan fiáin i mbaol mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) agus áirítear leo Oileáin na Sceirí, Baile Roiséir,agus Cloch Dábhiolla. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach fúthu, faoi pháirceanna náisiúnta agus tearmainn náisiúnta ar https://www.npws.ie/