Cuirtear comhairleoirí ar a gcumas na ceisteanna is tábhachtaí a phlé mar gheall ar chruinnithe fíorúla a bheith ar fáil acu

Cúrsaí Airgeadais, agus conas borradh a chur ar ais faoi gheilleagar Fhine Gall agus an soláthar tithíochta i measc na n-ábhar ar pléadh ar líne

 

Tionóladh cruinniú fíorúil de chuid chomhairleoirí Fhine Gall ar chúrsaí rialachais agus maoirseachta Dé Luain inar pléadh réimsí tábhachtacha dála cúrsaí airgeadais, an tionchar atá ag Covid-19 ar an ngnó, an tsoláthair tithíochta agus conas borradh a chur ar ais faoi gheilleagar Fhine Gall.

 

D’fhéach na comhairleoirí ar an bplean atá ann go mbeifear ag tionóil gnáth-chruinnithe i mí an Mheithimh, agus na daoine go léir san ionad tionóil go pearsanta, agus na cruinnithe sin beartaithe ar bhealach a bheadh ar aon dul leis an bPrótacail um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte agus treoirlínte sláinte agus sábháilteachta eile.

 

Tá Grúpa an Bheartais Chorparáidigh, ar a bhfuil an Méara agus na Cathaoirligh de na sé Choiste Beartais Straitéisigh ina gcomhaltaí ann, ag leanúint ar aghaidh a bheith ag teacht le chéile ar líne uair sa tseachtain agus tá Foireann Bhainistíochta Géarchéime na Comhairle anois ag teacht le chéile trí huaire sa tseachtain.

 

D'oibrigh an Rannán TF agus Rannán na Seirbhísí Corparáideacha sa Chomhairle i gcomhar leis an nGrúpa Beartais Chorparáidigh agus le cathaoirligh na gCoistí Ceantair chun réiteach a sheachadadh ag baint úsáide as a ardán Microsoft Teams lena gcuireadh na comhairleoirí ar a gcumas láithreoireachtaí a fháil agus ansin ceisteanna a chur agus freagraí a fháil óna chéile. 

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, a rinne an chathaoirleacht ar an gcruinniú agus é ina shuí ina ghnáthshuíochán i Seomra na Comhairle i Halla an Chontae, Sord, gur éirigh go geall leis an gcruinniú ar líne.

 

“Bhí na láithreoireachtaí a fuaireamar ar fheabhas agus leagadh béim iontu go bhfuil an obair ag leanúint ar aghaidh sna réimsí ardtosaíochta go léir le linn na Géarchéime. Chuir na comhairleoirí an-idirghníomhaíocht ar fad leis agus bhíothas den tuairim ina dhiaidh gur cruinniú an-fhaisnéiseach a bhí ann agus gur éirigh go geal leis an fhormáid ar líne,” a dúirt an Méara O’Brien.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, go bhfuiltear ag déanamh cinnte de go leanfar ar aghaidh leis an idirtheagmháil thábhachtach idir comhairleoirí agus an Fheidhmeannacht agus mar gheall ar an mbealach nua seo chun oibre agus chuir sí fáilte freisin roimh an méid atá déanta comhairleoirí chun borradh a chur ar ais faoi Gheilleagar Fhine Gall agus ar an gClár Tithíochta chomh maith.

 

“Pléadh an tábhacht a bhaineann lenár spásanna poiblí maidir le caighdeán na beatha i bhFine Gall ag an gcruinniú agus bhí sé tábhachtach do chomhairleoirí plé a dhéanamh ar na pleananna chun filleadh ar chlár cothabhála iomlán de réir na Treorach um an tSláinte Phoiblí,” a dúirt sí.

 

Tá an Chomhairle, i gcomhar leis Grúpa an Bheartais Chorparáidigh, ag smaoineamh faoi láthair ar an gcaoi a bhféadfaí cruinnithe a thionóil agus na daoine sa láthair chéanna le chéile, le haghaidh gnó a bhaineann leis an reachtaíocht, i mí an Mheithimh. Táthar i mbun ionaid oiriúnacha a shainaithint faoi láthair, ag féachaint do riachtanais an scartha shóisialta agus do na treoracha go léir um an tsláinte phoiblí.